Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an bhfinné as sin. Nílim ag caint mar gheall ar inniu agus amárach; táim ag caint ar iarrachtaí a rinneadh cheana féin nó an ndearnadh aon iarracht éagsúlacht a mhealladh isteach gan díriú ar an gceist teanga seo? An ndearna An Garda Síochána iarrachtaí cheana féin chun daoine a thabhairt isteach agus feabhas a chur ar a gcuid Ghaelainne agus mar sin de? Cén iarrachtaí a rinneadh cheana féin roimh an athrú seo a thabhairt chun cinn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.