Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist ghairid agam féin agus ansin cuirfimid críoch leis an gcruinniú. Tá ceist agam maidir le feachtas earcaíochta dírithe ar Ghaeilgeoirí. An raibh feachtas mar sin ann roimhe seo? Ní cuimhin liom aon fheachtas dírithe ar mhic léinn i nGaelcholáistí timpeall na tíre nó i gceantair Ghaeltachta nuair a bhí mé ar scoil agus níor chuala mé faoi cheann ó shin. Muna bhfuil feachtais earcaíochta dírithe ar Ghaeilgeoirí amach anseo, ní thiocfaidh siad. Tá poist eile ann dóibh seachas a bheith sa Gharda Síochána. Beidh An Garda Síochána in iomaíocht leis an Státseirbhís ina hiomláine agus le gach uile phost eile. Tá a lán post ann do Ghaeilgeoirí anois san Eoraip a íocann a lán airgid. Tá jab mór le déanamh. Chuala mé cad a bhí á rá faoi dhul isteach an-luath, fiú sna naíscoileanna agus mar sin, ach caithfear díriú ar na meánscoileanna ach go háirithe i leith feachtais earcaíochta. Tá sé beagnach ródheireanach dóibh siúd atá ag déanamh na hardteistiméireachta i mbliana. B'fhéidir nach bhfuil ach tá siad ag smaoineamh agus ag líonadh a n-iarratais CAO. Ba chóir go mbeadh siad líonta acu inné. Tá deis ann ach caithfear a bheith dírithe.

Caithfidh gardaí le Gaeilge dul isteach sna coláistí, sna scoileanna agus sna coláistí samhraidh. Caithfidh siad a bheith feiceálach ag na hócáidí sin agus iad ag labhairt Gaeilge. Tá a fhios agam gur ualach é sin ar na gardaí le Gaeilge. Uaireanta, níl siad ag iarraidh a bheith mar an token Gaeilgeoir. Tarlaíonn sé sin go minic. Tá siad ag iarraidh a bheith ina ngardaí agus an obair sin a dhéanamh seachas a bheith mar oifigigh earcaíochta Gaeilge. Caithfidh siad a aithint go gcuidíonn sé ó thaobh na hearcaíochta de má tá siad ag dul timpeall ag labhairt na Gaeilge le chéile nó le dreamanna Gaeilgeoirí ní hamháin sa Ghaeltacht, ach freisin i gceantair i mBaile Átha Cliath, srl.

B'fhéidir go bhfuil mo chéad cheist eile freagartha ag na finnéithe cheana. Níor cuireadh muid ar an eolas faoi seo ach an oiread. Is é sin an fáth go raibh sórt feirge ar an gcoiste nuair a chuala muid go raibh athrú eile ann i mí na Nollag nach raibh luaite linn nuair a bhí an Coimisinéir os ár gcomhair. Is trua nach raibh sé luaite go raibh daoine ag smaoineamh ar an athrú seo, cé nach raibh an cinneadh déanta ina iomláine, toisc go bhfuil an cuma ar an scéal gur ísliú céime eile don Ghaeilge atá ann agus muid ag triail le hardú céime a thabhairt di, nó comhionannas a shroicheadh ar a laghad. Cad iad na hathruithe eile a tharla ag an am sin nó an é an cinneadh fáil réidh leis an gcoinníoll iontrála go mbeadh dhá theanga ag iarrthóirí amháin a bhí i gceist? Glacaim leis gur tharla roinnt athruithe eile lasmuigh den cheist mar gheall ar an nGaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.