Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Níl ach cúpla ceist agam mar, chun a bheith dáiríre, tá an-chuid pléite ansin maidir le roinnt mhaith de na hábhair a theastaigh uaim díriú orthu. Táim chun fanacht leis an éagsúlacht. Rinneadh soiléiriú ar an-chuid agus táim buíoch as. Aontaím go láidir gur cheart go mbeadh éagsúlacht sna gardaí agus go bhféachfaidís cosúil le haon phobal eile ar a bhfuil siad ag freastal. Ní hé sin le rá gur éagsúlacht in aghaidh teanga nó in aghaidh na Gaolainne a bheadh i gceist. Ní gá go mbeidís mutually exclusive ach go mbeadh spás ann dóibh araon. Conas a aithnítear é sin?

Tuigim ó na tuairiscí gur aithníodh go bhféadfadh riachtanais maidir le dhá theanga a bheith ina mbac ar roinnt grúpaí. Conas a aithníodh é sin? An ndearnadh taighde éigin nó an tuairim duine éigin a bhí ann nó claonadh a bhí ag duine éigin? An bhféadfaí a léiriú conas a aithníodh é sin? Má bhí taighde ann, cad iad na torthaí a bhí air? An é go raibh an dá theanga mar bhac nó arbh iad na teangacha an Ghaeilge nó an Béarla a bhí mar bhac? An bhféadfaí soiléiriú a thabhairt air sin? Conas a thángthas ar an tuairim sin go raibh an riachtanas maidir le dhá theanga ina bhac?

Maidir leis an gcóras a bhí i bhfeidhm roimhe sin, tuigim go raibh an córas oiriúnach dóibh siúd le Gaeilge nó Béarla agus teanga eile agus go bhféadfadh siad iarratas a dhéanamh agus dul chun cinn a dhéanamh leis na gardaí. Mar sin, an raibh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag freastal ar dhaoine nach raibh ach teanga amháin acu agus dá bharr sin nach éagsúlacht a bhí ann in aon chor ach go raibh sé ag freastal go díreach ar dhaoine leis an aon teanga amháin? Ní fheadar an é sin cailliúint do na gardaí. Dá mbeadh teanga bhreise ag daoine, chuirfeadh sé sin go mór leis an slí a bhfuiltear ag freastal ar an bpobal. An bhféadfaidís díriú ar sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.