Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá na hargóintí seo cloiste againn ó gach Roinn atá tagtha os ár gcomhair le blianta. Ní bhaineann siad leis an nGarda amháin ach tá dualgais reachtúla air. Críochnóidh mé anois because tá mo dhóthain ráite ach ba chóir go mbeidh gach cinneadh bunaithe ar thaighde. Níor chuala mé aon tagairt inniu do thaighde d'aon saghas maidir leis na cinntí atá déanta ag an Roinn Dlí agus Cirt nó ag an nGarda. Tá taighde thar a bheith tábhachtach. Ag dul ar ais go dtí an straitéis, ní fiú tráithnín an straitéis muna bhfuil sí ag dul i ngleic leis an bhfadhb, is é sin, an ghéarchéim atá ann. Tá súil agam go rachaidh sí i ngleic léi.
No comments