Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
B'fhéidir go mbeimid in ann obair as lámh a chéile as seo amach ach is é an rud atá nochta arís ná go bhfuil géarchéim ann sa Gharda ó thaobh na Gaeilge de in ainneoin na rudaí maithe atá déanta. Tá súil agam go bhfuil sé sin aitheanta sa straitéis atá le foilsiú agus go bhfuil cuid de réiteach na faidhbe sa straitéis sin, le spriocdhátaí.
No comments