Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tuigim. Tá sé sin uilig léite agam. Tuigim go bhfuil dul chun cinn déanta, go háirithe ó thaobh an chruinnithe a bhí againn an bhliain seo caite. Tuigim é sin agus tuigim go bhfuil meitheal ar siúl anois agus go bhfuil cruinnithe ar siúl go rialta. Táim ag tnúth leis an straitéis Gaeilge agus le spriocdháta. Is é sin atá ar siúl faoi láthair. Táimid ag dul ar strae agus muid ag caint faoi éagsúlacht. Tá gá le héagsúlacht sa Gharda ach níl aon bhaint idir é sin a bhaint amach agus an Ghaeilge i ndáiríre. Is rud eile é sin. Ba chóir go mbeidh an dá rud ar chomhchéim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.