Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Is fíor é sin. Is é an chaoi ina bhfuil an Garda ag déileáil leis sin an fhadhb atá agam. Faoin Acht 2005, tá dualgais reachtúla ag An nGarda Síochána seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht trí na stáisiúin. Níl na dualgais sin á gcomhlíonadh. Tá sé sin léite agam. Níl na stáisiúin go léir sna ceantair Ghaeltachta uilig ag feidhmiú mar ba chóir dóibh faoin reachtaíocht faoi láthair. Nach bhfuil an ceart agam faoi sin?
No comments