Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Mr. Bob Collins:
Mar chomhthéacs air seo tá sé riachtanach go dtuigfí ról an údaráis agus na srianta atá ar an ról sin. Pé ábhar a thugaimid faoi caithimid é a dhéanamh laistigh den dlí a bhunaigh an t-údarás agus uaireanta cuireann sin srianta orainn. Uaireanta níor mhaith linn go mbeadh na srianta sin ann ach uaireanta is maith an rud é go bhfuil siad ann.
Dúirt mé gur cheap an t-údarás go raibh géarghá le hathstruchtúrú ó bhonn ar an gcóras rialacháin. An fáth go dúirt mé é sin ná go raibh siad as dáta, seanfhaiseanta agus ró-mheicniúil. Freisin, ní raibh aitheantas mar ba ghá tugtha do saol an lae inniu; don dul chun cinn a bhí déanta in earcú agus i roghnú daoine; agus do bhealaí a aimsiú chun cumas agus éifeacht a mheasúnú i gcás daoine a bhí ag lorg ardú céime. B’fhéidir go raibh sé ró-mheicniúil toisc an bunscrúdú Gaeilge a dhéanann duine nuair a thagann sé nó sí isteach sa choláiste sa Teampall Mór. Ba mhó an béim a bhí á cur ag an údarás toisc nach raibh an t-údarás ag moladh go mbeadh aon athrú ann ó thaobh na Gaeilge de. Bhí an t-údarás ag cur béim ar chaighdeán na seirbhíse a bhí á cur ar fáil don phobal agus an tslí a bhfuil An Garda Síochána ag freastail ar riachtanais phobal na Gaeilge, daoine gur mian leo a shaolta a chaitheamh nó a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge, go háirithe daoine atá ag cur fúthu sa Ghaeltacht. Ní gá idirdhealú a dhéanamh agus ní gá nó ní féidir ísliú a dhéanamh ar chaighdeán na seirbhíse gur chóir a bheadh á cur ar fáil do lucht na Gaeilge ar mhaithe le freastail a dhéanamh ar an ilchineálacht nua atá i ndaonra na tíre.
Caithfear an dá rud a dhéanamh i dteannta a chéile.
Ní dóigh liom gur ísliú céime i dtaobh na Gaeilge atá i gceist sna hathruithe seo cé go n-aithním go bhfuiltear ann atá á rá agus go mbítí ann riamh a bhí á rá mar go bhfuil an oiread sin ceachtanna foghlamtha ag daoine gur spéis leo freastal ar lucht na Gaeilge trí Ghaeilge agus ní freastal ar lucht na Gaeilge mar mhionlach ach aitheantas bunreachtúil agus dlíthiúil a thabhairt do dhaoine ar mian leo a saolta a chaitheamh nó gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, go bhfuil an baol ann i gcónaí go gceapfaidh daoine go bhfuil aon athrú dainséarach.
Ní raibh an Ghaeilge riachtanach mar dara teanga le Fraincis agus Béarla. Bhí an baol ann go gceapfadh daoine go raibh bac orthu iarracht a dhéanamh dul isteach sa Gharda Síochána de bharr gur cheap siad go raibh an Ghaeilge riachtanach. Tá mé ag caint faoi dhaoine atá nuatagtha chun na tíre, nach bhfuair oideachas sa tír seo agus nach mbeadh an Ghaeilge acu agus go mbeidís thíos leis dá bharr nó go mbeadh bac iomlán orthu. Tá an-chuid de shaoránaigh nua na tíre seo dátheangach nó trítheangach cheana féin agus is cuma sa sioc leo má bhíonn Gaeilge le bheith acu. Tá an cumas sin acu agus tá siad breá sásta an Ghaeilge a fhoghlaim mar theanga eile. Níl aon bhagáiste acu ina taobh.
Is é an dearcadh atá ag an údarás ná go bhfuil sé den riachtanas go mbeidh An Garda Síochána mar mhacalla nó mar scáthán den tír mar atá i láthair na huaire agus go n-aithneoidh gach aon duine sa tír é nó í féin sa Gharda Síochána ar bhealach amháin nó bealach eile. Go dtí go mbeidh sé sin fíor nó go dtí go mbeimid leathbhealach síos an bóthar go dtí go mbeidh sé sin fíor, tá baol ann gur lú an tuiscint a bheidh ag daoine ar An nGarda Síochána agus b'fhéidir gur lú an meas a bheidh a bheith acu air nó an mhuinín a bheidh acu as, rudaí atá baolach, contúirteach agus do-ghlactha.
Ar an ábhar sin, caithfear pé rud a dhéanamh chun daoine a mhealladh isteach sa Gharda Síochána ó na réimsí ar fad nach bhfuil ionadaíocht cheart acu sa Gharda Síochána i láthair na huaire. Táimid ag caint faoi na réimsí ar fad. Níl mé ag caint amháin faoi dhaoine atá nuatagtha sa tír. Ag an am céanna, caithfidh cothromaíocht a bheith ag an dá rud seo. Níl aon rud suas agus níl aon rud síos.
Ag an am céanna, caithfear feabhsú ollmhór a dhéanamh ar an bhfreastal atá á dhéanamh ar dhaoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Nílim in aon chor cinnte go raibh aon chinnteacht ag eascairt as 50% a fháil sa scrúdú inniúlachta a bunaíodh le bheith in ann freastal cuí a dhéanamh ar phobal, go háirithe phobal Gaeltachta ná ar dhaoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge aon áit sa tír. Bhí ar a laghad an bhéim a chur ar an rud mícheart má dhíríodh ar an mbunscrúdú ná ar an riachtanas den ardú céime. Tá an cheist ann maidir le freastal ceart a dhéanamh agus seirbhís cheart a chur ar fáil. Ní mór an bhéim a chur ar réimse i bhfad níos fairsinge ná sin.
No comments