Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé cosúil le míreanna meara roimh jigsaw. Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, an plean gníomhaíochta don Ghaeilge agus neart tuarascálacha eile ag cur in iúl go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de. Freisin, tá an tÚdarás Póilíneachta agus an tuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn ag cur in iúl go bhfuil gá le héagsúlacht agus aontaím leis sin. Ansin tá an Coimisinéir Teanga i ndeireadh na feide mar gheall ar an easpa dula chun cinn ó thaobh na Gaeilge de sa Gharda Síochána. Píosa eile de na míreanna mara ná go ndéanfaimid iarracht dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh éagsúlachta de agus tugaimid ísliú céime don Ghaeilge.

Níl a fhios agam an bhfuil pictiúr iomlán anseo beag nó mór. Rachaidh mé ar ais chuig Bob Collins mar ní bhfuair mé deis ceist a chur air. Dúirt sé roimh dheireadh an chéad seisiúin go bhfuil géarghá le hathrú ó thaobh éagsúlachta de. De réir mar a thuig mé bhí géarghá an rialachán a bhí ann a athrú. An féidir tuilleadh sonraí a thabhairt dúinn ar cá bhfuil seisean nó an t-údarás ag teacht ó thaobh sin agus an Ghaeilge san áireamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.