Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Mr. Liam Sinclair:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach arís. Ní shocraíonn an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí na critéir cháilíochta a bhíonn i bhfeidhm ag comórtais earcaíochta agus roghnaithe. Is faoi na Ranna agus na heagraíochtaí atá ina gcliaint den tseirbhís critéir a shocrú ar an gcéad ásc agus comhairle a thabhairt don tseirbhís maidir leis na riachtanais cháilíochta a bhaineann lena bpróisis earcaíochta agus roghnaithe.
Nuair a iarrtar uirthi, áfach, tugann an tseirbhís aiseolas d’eagraíochtaí na gcliant, mar shampla An Garda Síochána, maidir le comórtais a reáchtáil agus maidir le leibhéal na héagsúlachta atá le brath sna grúpaí iarrthóirí a chuireann isteach ar chomórtais.
Tagraím do chomórtais a reáchtáladh d’earcaigh sa Gharda Síochána roimhe seo. Fógraíodh an comórtas is déanaí in 2019. Bhí sé de nós ag an tseirbhís ceisteanna a tháinig chun tosaigh maidir le leibhéal na héagsúlachta sa ghrúpa iarrthóirí a roinnt. Cuireadh béim ar an ngá atá ann le leibhéal na héagsúlachta sa Gharda Síochána a mhéadú sa tuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn. Thabharfadh an tseirbhís tacaíocht don Gharda Síochána maidir leis an aidhm atá aige bearta a chur i bhfeidhm chun an grúpa iarrthóirí a chuireann isteach ar chomórtais d’earcaigh sa Gharda Síochána a leathnú chun a chinntiú go léiríonn na daoine a dhéanann iarratas an leibhéal éagsúlachta atá le brath i sochaí na hÉireann agus sna pobail áitiúla ar a bhfreastalaíonn An Garda Síochána, atá ag méadú i gcónaí.
Tagraím don chomórtas d’earcaigh sa Gharda Síochána is déanaí a reáchtáladh agus a fógraíodh go déanach sa bhliain 2019. Tháinig ceisteanna chun tosaigh maidir leis an riachtanas rialála a bhí i bhfeidhm i dtaca le teangacha. Is é sin go raibh ar iarrthóirí dhá theanga a bheith acu agus go raibh orthu Béarla nó Gaeilge a bheith acu mar chuid den riachtanas seo, mar go raibh imní ann go mbeadh sé níos deacra d’iarrthóirí ó chúlraí éagsúla cáiliú chun iarratas a chur isteach ar an gcomórtas d’earcaigh sa Gharda Síochána dá bharr. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go reáchtáladh comórtais earcaíochta, lena n-áirítear comórtas na bliana 2019, faoi na rialacháin d’earcaigh sa Gharda Síochána ó 2013, agus nach raibh ar iarrthóirí cumas a léiriú sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, ach in dhá theanga agus go raibh orthu a léiriú go raibh cumas acu sa Ghaeilge nó sa Bhéarla mar chuid den riachtanas sin. Ní raibh cumas sa Ghaeilge ná cumas sa Bhéarla riachtanach chun cáiliú don chomórtas ag an bpointe sin, mar sin.
Tuigeann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go raibh imní ar An nGarda Síochána go bhféadfadh an riachtanas rialála seo maidir le teangacha a bheith mar bhac suntasach i dtaca le leibhéal na héagsúlachta sa ghrúpa iarrthóirí a chuireann isteach ar chomórtais d’earcaigh sa Gharda Síochána a mhéadú, mar shampla daoine Éireannacha-Afracach agus baill den Lucht Siúil. Agus é sin curtha san áireamh, caithfidh iarrthóirí cumas a léiriú sa Ghaeilge nó sa Bhéarla nó sa dá cheann acu anois de réir na rialachán leasaithe d’earcaigh sa Gharda Síochána, 2021, a chuir an tAire Dlí agus Cirt i bhfeidhm le déanaí. De bharr na forála seo, is féidir go dtiocfaidh méadú ar leibhéal na héagsúlachta sa ghrúpa iarrthóirí a chuireann isteach ar chomórtais d’earcaigh sa Gharda Síochána. Ina theannta sin, cuireann an fhoráil béim ar thábhacht na Gaeilge agus an Bhéarla agus tugann sí comhstádas don dá theanga seo maidir le cáilitheacht na n-iarrthóirí. Déantar é seo chun iarracht a dhéanamh a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais éagsúlachta i réimse na póilíneachta amach anseo. Sa chéad staid d’aon phróiseas earcaíochta d’earcaigh sa Gharda Síochána, caithfidh iarrthóirí critéir cháilitheacha a chomhlíonadh. Mar chuid den phróiseas iomlán sin, caithfidh iarrthóirí tástálacha agus agallamh iomaíoch a dhéanamh chomh maith. Maidir leo siúd a roghnaítear tar éis dóibh próiseas earcaíochta na seirbhíse a chomhlíonadh, caithfidh siad tréimhse dian-oiliúna agus forbartha a dhéanamh i gColáiste an Gharda Síochána sa Teampall Mór.
Fógrófar clár d’earcaigh sa Gharda Síochána 2022 go luath. Bainfear úsáid as an bpróiseas roghnaithe a reáchtálfaidh an tseirbhís agus bainfear úsáid as an gclár oiliúna d’earcaigh i gColáiste an Gharda Síochána a leanfaidh an próiseas sin, lena n-áirítear an bachelor of arts, BA, sa phóilíneacht mar chuid den chlár sin, chun cumas na n-iarrthóirí sa Bhéarla agus sa Ghaeilge a dheimhniú. Fógrófar an comórtas d’earcaigh sa Gharda Síochana 2022 trí Ghaeilge agus trí Bhéarla agus beidh iarrthóirí in ann cur isteach ar shruthanna Béarla agus Gaeilge agus agallamh a dhéanamh i gceachtar den dá theanga nó go dhátheangach. Bhí an próiseas seo i bhfeidhm do chomórtas d’earcaigh sa Gharda Síochána a reáchtáladh roimhe seo chomh maith. Agus an comórtas seo á reáchtáil aici ar son Choimisinéir an Gharda Síochána, beidh an tseirbhís ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don Gharda Síochána maidir lena dualgais Ghaeilge agus riachtanais Ghaeilge i bpobail Ghaeltachta a chomhlíonadh. Tuigeann an tseirbhís go seolfaidh An Garda Síochána straitéis Ghaeilge nua nuair a thagann deireadh le srianta Covid-19 agus go leagfar amach spriocanna sa straitéis seo chun seirbhísí Gaeilge a neartú san fhórsa agus chun a chinntiú go gcomhlíontar dualgais teanga reachtúla. Tá an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag súil go mór le tacaíocht a thabhairt don tionscnamh seo.
No comments