Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Ms Eimear N? Cheallaigh:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Maidir leis an gceist atá á phlé i dtaobh na n-athruithe ar rialacháin maidir le hiontráil don Gharda Síochána, sonraítear sna leasuithe a rinneadh go gcaithfidh iarrthóirí a bheith inniúil i dteanga amháin, Béarla nó Gaeilge. Má tá Béarla nó Gaeilge ag iarrthóir, is leor sin agus ní gá le teanga bhreise taobh amuigh de cheachtar acu sin. Faoi rialacháin 2013 a bhí ann roimhe seo, b’éigean d’iarrthóirí cumas a bheith acu in dhá theanga, agus b’éigean Béarla nó Gaeilge a bheith ar cheann amháin de na teangacha sin.

Tá an Ghaeilge fós mar ghné riachtanach den oiliúint a fhaigheann gardaí faoi oiliúint i gColáiste an Gharda Síochána. Tá an t-ábhar mar chuid de dhá cheann de na príomhmhodúil sa gclár BA i bpóilíneacht fheidhmeach. An chéad mhodúil ina múintear an Ghaeilge ná bunús na póilíneachta agus is é an dara modúil ná póilíneacht tráchta. Baineann na modúil seo le dualgais ghardaí agus iad i mbun teagmhála le baill den phobal i nGaeilge.

Mar a dúradh níos luaithe, mar chuid den straitéis nua, díreofar ar líon na bpearsanra le Gaeilge a mhéadú trí chlár forbartha nua. Chomh maith leis sin, tá an eagraíocht tar éis an chéad acmhainn chuimsitheach Gaeilge ar líne a chur ar fáil don phearsanra go léir. Tá an acmhainn, a d’fhorbair Gaelchultúr, dírithe ar fhoghlaimeoirí ar leibhéal A2 ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha agus beidh sé mar ghné thábhachtach de sprioc ár straitéise deiseanna a sholáthar don phearsanra feabhas a chur ar scileanna teanga trí mhodhanna oiliúna cumaisc. Forbrófar acmhainní oiliúna breise ar líne sna míonna amach romhainn, rud a thabharfaidh deis don phearsanra barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus ar a muinín an teanga a úsáid, ar a luas féin. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.