Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Mr. Bob Collins:
Ní theastaíonn uaim cur le fad an chruinnithe ach fós féin, ar mhaithe le seasamh an údaráis a shoiléiriú, ní miste liom cúpla focal gairid a rá ag an bpointe seo. Mar a dúirt mé ní ba luaithe, pléadh é seo leis an údarás in 2018. Rud a bhí iomlán fíor ag an am go dtí gur athraíodh an córas rialála ná go raibh géarghá le hathrú sa chóras rialúcháin mar bhí sé as dáta agus ní raibh sé in oiriúint don saol ina mairimid. Ba é sin an bhéim. Bhí an t-údarás ag éileamh na n-athruithe sa chóras earcaíochta agus an córas a ba chóir a bheith i bhfeidhm nuair a bhí daoine ag lorg ardú céime. Ní raibh polasaí ag an údarás i dtaobh an riachtanas go mbeadh 50% faighte sa scrúdú Gaeilge. Níorbh é sin cúram an údaráis nó an rud ba mhó a bhí ag déanamh tinnis dúinn sa mhéid go rabhamar ag díriú ar an mbunstruchtúir, na bunrialacháin agus an gá atá le hathrú bunúsach a dhéanamh orthu.
An dara rud, is é dearcadh pearsanta é. Pé fadhb a bhí ann, níorbh éinne ag iarraidh í a dheisiú, chun focail an Teachta Ó Muimhneacháin a úsáid. Níorbh í an fhadhb ba mhó i gcás freastal ceart cuí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge. Níor chuidigh sé agus ní dóigh liom go gcabhródh sé dá bhfágfaí an chuid seo den rialachán gan athrú le forbairt nó le feabhsú ar an seirbhíse atá á chur ar fáil. Mar a dúirt an leas-coimisinéir, agus tá a fhios agam ó mo chomhráite leis an gCoimisinéir - ní sa cheist áirithe seo atá á phlé ag an gcoiste ach atá ag eascairt ó thuarascáil an Choimisinéara - aithníonn An Garda Síochána go bhfuil géarghá le feabhas a chur ar an bhfreastal atá á dhéanamh i gcoitinne agus go háirithe sa Ghaeltacht. Bheadh i bhfad níos mó fianaise ag teastáil le bheith cinnte go mbeadh aon laghdú ag eascairt as an athrú seo nó go mbeadh aon fheabhsú ann dá bhfágfaí an píosa rialacháin seo gan athrú. Ní dóigh liom go raibh baint dá laghad aige le caighdeán na seirbhíse a bhí á chur ar fáil ag an am. Ní ann a bhí an fhadhb, i mo thuairimse.
No comments