Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá ceist amháin agam agus b’fhéidir go bhfuil an freagra tugtha cheana féin. Fuair muid litir ó Choimisinéir an Gharda Síochána ar an 17 Eanáir. Deir sé beagnach an méid céanna atá ráite sa ráiteas tosaigh ach sa litir sin deir sé go ndearna An Garda Síochána cinneadh go luath sa phróiseas gur cheart go bhfanfadh an riachtanas gan athrú. Sin An Garda Síochána ag rá linn nach raibh siadsan ag lorg athrú sa phróiseas ó thaobh sáirsint de. Beidh orainn teacht ar ais aige seo agus tá cuireadh tugtha againn don Aire Dlí agus Cirt teacht os ár gcomhair. Tá duine éigin, dream éigin nó dreamanna éigin tar éis athrú a lorg agus tá an t-athrú sin déanta ag an bpointe seo. Tá muidne ag iarraidh teacht ar cén fáth go ndearnadh an t-athrú, cé a lorg an t-athrú agus, mar a dúirt an Teachta Ó Muimhneacháin, cén duine nó cén taighde ar a raibh sé bunaithe. An raibh fadhb ann nach raibh muid ag fáil go leor sáirsintí toisc an riachtanas Gaeilge nó an é go raibh easpa sáirsintí ann? I mo cheantar féin, agus ní ceantar Gaeltachta é, ní raibh go leor sáirsintí sna stáisiúin Gharda chun na gardaí nua a bhí earcaithe a thraenáil, toisc go raibh an bord snip i bhfeidhm sa tír ar feadh tréimhse fhada agus gur chuir sé sin fadhbanna áirithe ar An nGarda Síochána.
Sa chás seo, go bhfios dom, ní raibh aon fhadhb nó aon easpa nó bac ann ó thaobh An Garda Síochána maidir le sáirsint a earcú nó ardú céime a thabhairt dóibh toisc an Ghaeilge agus go raibh go leor daoine ann. Níl a fhios agam an bhfuil an ceart agam ansin.
Nuair a chríochnaíonn muid leis sin, tógfaimid sos agus ina dhiaidh sin déileálfaimid leis an gcéad ábhar eile. An bhfuil a fhios ag aon duine an raibh bac ann nó nach raibh?
No comments