Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh na finnéithe. B’fhéidir go méadóidh mo thuiscint ar an méid atá tarlaithe de réir a chéile acu tá mé beagán measctha. Tá na ráitis go léir léite agam. Ar phléigh An Garda Síochána an rialachán seo leis an gCoimisinéir Teanga? Níl a fhios agam cén duine is feiliúnaí chun an cheist sin a fhreagairt. Mar chomhthéacs nó cúlra ar an ndíospóireacht seo, bhí an Coimisinéir Teanga os ár gcomhair maidir leis An nGarda Síochána. Cloisim Anne Marie McMahon agus cuirim fáilte roimh an méid a dúirt sí, gur míthuiscint a bhí ann nó go ndearna siad botún beag. Tá sé sin déanta agus níor cuireadh an t-eolas seo os ár gcomhair. An raibh an Coimisinéir Teanga ar an eolas faoin athrú seo? Nuair a bhí an cruinniú sin againne, bhí sé bunaithe ar an gcéim dheireanach a bhí ar an gCoimisinéir Teanga a thógáil, sé sin, an tuarascáil a leagadh os comhair na Dála. Sin rud neamhghnách. Chuir seisean an tuarascáil sin i gcomhthéacs dúinn agus dúirt sé go raibh air an chéim dheireanach sin a thógáil mar, de réir mo thuisceana, bhí sárú dlí i gceist. Sin an comhthéacs. Tá an chosúlacht air go bhfuil ísliú céime á dtógáil don Ghaeilge ó thaobh ardú céime de. An raibh an Coimisinéir Teanga ar an eolas faoin athrú sa rialachán seo? An raibh an Garda Síochána i dteagmháil leis?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.