Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá scata ceisteanna agam agus d'fhéadfadh cuid acu a bheith níos oiriúnaí don dara seisiún agus tá overlap go leor ann chomh maith. Má tá siad oiriúnach don cheann eile, b'fhéidir go dtabharfadh an Cathaoirleach treoir dom. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a gcur i láthair. Baineann mo chéad cheist le gach aon duine. An nglacann siad leis go bhfuil an chuma ar an gcinneadh seo gur ísliú céime atá ann don Ghaolainn? Is ceist é sin i gcomhair gach grúpa. Is é sin an dearcadh atá ag go leor Gaeilgeoirí. Cad é tuairim na bhfinnéithe air?
Thuig mé go raibh an-chuid plé anonn agus anall ar feadh i bhfad chun teacht ar an gcinneadh seo. Cén stádas a bhí ann mí Bhealtaine seo caite nuair a tháinig an Coimisinéir os comhair an choiste? Cad iad na céimeanna bhí bainte amach faoin tráth sin? Cad iad na céimeanna a bhí fágtha? Thuig mé go mbeadh cinneadh tugtha os comhair an Aire agus bhord an Rialtais ach roimhe sin bheadh an-chuid taighde déanta agus bheifí tar éis féachaint ar roghanna eile. Cén taighde a rinneadh air seo? Cad iad na torthaí ar thángthas orthu maidir leis sin? Cad iad na roghanna ar féachadh orthu chun feabhas a chur ar chúrsaí?
Bhí straitéis An Gharda Síochána maidir leis an teanga le foilsiú roimh an Nollaig. Thuig mé nach raibh sé sin foilsithe toisc na srianta Covid. Tá na srianta imithe anois, áfach. Caithfidh go raibh sé ullamh faoin tráth sin agus, mar sin, tá sé ullamh anois. Cad é an mhoill? Cathain a bheidh sé sin foilsithe? Cad é an clár ama atá leagtha amach ansin?
No comments