Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Pa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá ceist dheireanach agam do Anne Marie McMahon, más féidir liom. Nuair a d’fhreastail Coimisinéir na nGardaí ar an gcomhchoiste, luaigh Anne Marie McMahon na rudaí iontacha atá ag tarlú agus atá á ndéanamh ag An nGarda Síochána maidir leis na fáinní, etc. Is é an príomhrud a bhí á rá ag an gCoimisinéir ansin ná go raibh An Garda Síochána os comhair coiste dlí de réir éileamh an Choimisinéara Teanga mar gheall ar ghardaí a bheith líofa sa Ghaeilge agus iad ar dualgas sa Ghaeltacht. Céard iad na hathruithe atá déanta ag Coimisinéir na nGardaí ón uair a bhí an Coimisinéir istigh anseo linn chun a chinntiú go mbeadh gach comhalta den Gharda atá ag obair sa Ghaeltacht líofa nó proficient sa Ghaeilge chun a gcuid oibre a dhéanamh?
No comments