Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Mr. Bob Collins:
Bhí ról ag an Údarás Póilíneachta sa mhéid is go raibh gá leis an Roinn dul i gcomhairle leis an údarás sula cuireadh aon athruithe i bhfeidhm sa chóras rialacháin seo. Pléadh an cheist siar in 2018, más buan mo chuimhne. Ag an am, ba mhó an bhéim a bhí á chur ar chuid de na hathruithe eile sna rialacháin seachas ar an gceist áirithe seo.
Cé nár mhaith liom labhairt go hiomlán ar son na gcomhaltaí an údaráis a bhí in oifig ag an am, mar is iomaí athrú atá tagtha ar dhéanamh an údaráis san idirlinn, ba é an dearcadh a bhí agam féin ag an am ná dá mba rud é go raibh aon fhianaise ann go raibh an chuid sin a bhí le baint ó na rialacháin ag tacú le caighdeán na seirbhísí a bhí á chur ar fáil ar fud na tíre, b'fhéidir go ndéanfaí argóint níos láidre in a thaobh. Ní dóigh liom go raibh aon fhianaise den saghas sin ar fáil. Ar shlí, b’fhéidir go dtagann an pointe sin níos cuimsithí i gceist sa dara hábhar atá le plé ag an gcoiste.
No comments