Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Pa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an cheist seo do Eimear Ní Cheallaigh nó Anne Marie McMahon. Bhí an Coimisinéir, Drew Harris, os comhair an choiste an bhliain seo caite. Dúirt sé linn go raibh sé ar intinn aige an Ghaolainn a neartú agus rudaí mar sin. Ina dhiaidh sin, tharla an cruinniú agus beartaíodh ann go raibh na rialacha a luaigh siad le hathrú. B'fhéidir gur féidir le Doncha O'Sullivan freagra a thabhairt air sin freisin. Nuair a chuaigh siad isteach sa chruinniú, céarbh é nó í an duine a mhol don chruinniú na rialacha a athrú? Conas a tharla sé sa chruinniú gur bheartaíodh na rialacha sin a athrú?
No comments