Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Ms Ailish Bhreathnach:

Mar fhreagra ar an Teachta Calleary ansin maidir leis an easpa uaillmhéine a fheiceann sé linne, b’fhéidir gurb é an rud is fearr dúinne a dhéanamh anois maidir leis an mbaile seirbhíse Gaeltachta agus Plean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026, atá forbartha agus faofa ag na baill, ná a rá gur rud nua é seo i ndáiríre dúinne mar chathair an coincheap seo a bheith mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, mar is coincheap nua atá ann. B’fhéidir, agus é sin á rolladh amach agus á chur i bhfeidhm, go dtiocfadh na deiseanna agus na dúshláin sin a d’fhéadfaimis a chur os comhair an chomhchoiste amach anseo agus tabhairt faoi sin ar bhealach ar dtús.

B’fhéidir freisin nár mhiste a lua mar gur luaigh an Teachta Ó Cuív ar ball na gnéithe áirithe teanga agus mar sin de. Arís, is cuid den aidhm a bheadh ag an bplean teanga seo ná comhtháthú a dhéanamh ar na seirbhísí, na háiseanna, an líon áineasa agus ar gach rud mar sin a bhaineann le cúrsaí teanga le go n-aithneofaí iad agus chun iad a chomhtháthú sa chaoi is go mbeadh duine in ann a rá cad a bhfuil agus nach bhfuil againn. B’fhéidir gur b’shin é, ar deireadh, cuid de na dúshláin a chuirfimis roimh an gcomhchoiste mar Theachtaí ina dhiaidh sin, is é sin le cineál gap analysis a dhéanamh chomh maith le plean teanga a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.