Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Beidh mé an-sciobtha. Luaigh an tUasal Phelan ina freagra nár aontaigh sí go mbeadh iallach ann. Cheana féin, cuireadh an cheist an raibh gá le reachtaíocht. Is é an chéad rud a gcaithfimid a phlé ná go bhfuil reachtaíocht ann a thugann stádas Gaeltachta do 40% den chathair. Táim ag cur ceistenna faoi dhá rud. Táim cinnte dearfa de, dá bhfógródh an tAire Stáit le freagracht i leith cúrsaí Gaeltachta amárach go raibh an stádas sin le baint den chuid sin den chathair, go gcuirfeadh na comhairleoirí ar an gcomhairle cathrach go dóite ina aghaidh, mar is iad siúd an chomhairle cathrach.

Is é an chéad rud eile ná an bhfuil an reachtaíocht sin réalaíoch do staid na Gaillimhe. Aontaím leis an Uasal Phelan nach bhfuil an reachtaíocht réalaíoch do staid na Gaillimhe . Tá ról faoi leith ag Gaillimh mar go bhfuil sí ar thairseach na Gaeltachta is láidre sa tír. Dar liom, tá sé an-deacair ag an gcomhairle cathrach feidhmiú leis an reachtaíocht atá ann mar nach bhfuil ciall nó réasún léi maidir leis an bhfáth go bhfuil stádas anois sa bhliain 2022 ag cuid amháin den chathair thar chuid eile. Déanaim eisceacht de Mhionlach.

Is rud eile é ná, dá mba rud é, mar shampla, go raibh cead ag daoine a bhfuil an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh nó bhaile acu cead faoi leith a fháil i gceantair mar sin, faraor géar, ní bheadh i bhfad an iomarca daoine ag déanamh iarratais mar níl an oiread sin daoine sa chatagóir sin ar fud na tíre. Is mí thuiscint go gceapfaí go bhfuil.

Nuair a bhí na finnéithe ag réiteach an dréachtphlean cathrach, an ndearna siad anailís nó staidéar ar an seasamh teanga istigh sa chathair, bunaithe ar na staitisticí is luaithe maidir leis na ceantair bheaga atá ar fáil sa daonáireamh ón bPríomh-Oifig Staidrimh? Sa mhullach air sin, má bhí ceantair áirithe níos láidre ná a chéile, ar réitigh siad plean mar chuid den phlean cathrach chun iad a chaomhnú, mar atá de dhualgas ar an gcomhairle cathrach cheana féin maidir le chosaint na Gaeilge ó thaobh cúrsaí pleanála uirbeacha agus contae de?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.