Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 19 January 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá na cloigíní ag dul díreach agus mé ag labhairt. Mar sin tá súil agam go mbeidh gach duine in ann mé a chloisteáil. Ar an gcéad dul síos, gabhaim buíochas leis na finnéithe agus is deas an rud é iad a fheiceáil. Is deas an rud é seomra na comhairle a fheiceáil freisin. Tá cúpla ceist agam ar dtús agus ansin tiocfaidh mé ar ais chuig na ceisteanna eile atá agam.
Tagraím do phointe 7.4.2, Cathair Dhátheangach, ar leathanach 4 den ráiteas tosaigh. Maítear ansin, "Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn de réir mar atá forbairtí cónaithe, bóithre poiblí agus páirceanna nua á n-ainmniú agus a spreagadh go n-úsáidtear comharthaíocht Ghaeilge/dhátheangach san fhearann tráchtála agus poiblí." Cén chineál monatóireachta a dhéantar air sin? Cén bhealach a bhreathnaíonn an comhairle air sin agus cén bhealach a dhéanann sí monatóireacht chun déanamh cinnte de go bhfuil sé sin ag tarlú?
I bpointe 7.4.3 maítear, "Tacú le agus éascú a dhéanamh ar fhorbairt bonneagair, a chuireann oidhreacht chultúrtha agus theangeolaíoch na cathrach chun cinn, más iomchuí." An féidir leis na finnéithe samplaí de sin a thabhairt dom i gcathair na Gaillimhe faoi láthair nó sna pleananna atá ag an gcomhairle? Sin an chéad dhá cheist uaim.
No comments