Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le hAilish Bhreathnach agus gach duine ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Bhí sonraí móra aici. Is í Gaillimh príomhchathair na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá dúshlán mór roimh an gcomhairle an Ghaeilge a spreagadh agus na daoine le Gaeilge atá ag iarraidh a bheith ina gcónaí agus ag fanacht i nGaillimh a chuidiú le cúrsaí pleanála. Dá mba rud é go raibh Ailish Bhreathnach ina hAire cad é a n-athródh sí sna cúrsaí pleanála agus dlíthe pleanála chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht i gcathair na Gaillimhe a shábháil agus a fhorbairt? Cad a dhéanfadh sí chun cuidiú le daoine nach bhfuil an t-airgead acu tithe a cheannach nó a fháil ar cíos nó a bheith lonnaithe i nGaillimh faoi láthair? Tá mé ag caint faoi dhaoine le Gaeilge nach bhfuil seans acu cónaí a bheith orthu i bpríomhchathair na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Cad iad na cumhachtaí breise ar miste léi i gcathair na Gaillimhe chun rudaí a dhéanamh níos fearr? Tá mé ag ceapadh go bhfuil a lán rudaí ar siúl aici amhail straitéis, cultúr agus gach rud ach ní oibríonn aon rud cosúil leis sin mura bhfuil daoine in ann a bheith ina gcónaí ná tithe a fháil sa chathair, ná a gclanna a thógáil, dul ar scoil ná húsáid a bhaint as na seirbhísí.

Is rud maith é cúrsaí cultúir, gnó, siopadóireachta agus turasóireachta a chur chun cinn. Tá sé go hiontach le haghaidh na turasóireachta agus na gcuairteoirí. Cad faoi mhuintir na Gaillimhe agus mhuintir chathair na Gaillimhe, áfach? Cad iad na hathruithe? Is é sin an jab atá ag an gcoiste seo. Caithfimid cúrsaí a athrú chun cuidiú a chur ar dhaoine le Gaeilge agus a bhaineann úsáid as an nGaeilge a bheith ina gcónaí agus sna cathracha sa tír seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.