Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 8 December 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht (Atógáil): Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Thug muid an cheist seo chun cinn an chéad uair i bplean contae do Chontae na Gaillimhe in 1998. Thug mise moltaí áirithe chun cinn. Bhí mé thar a bheith buartha ag an am sin maidir le heastáit tithíochta de réir an phlean mar a bhí leagtha amach ag an am mar bhí siad ag dul scrios a dhéanamh ar leithéidí an Spidéil, Indreabháin agus mar sin de siar. Is as sin a tháinig na ráitis tionchair teanga. An chéad aitheantas a bhí ann sa dlí ná sna 2000idí nuair a bhí mise mar Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ach ar ndóigh bhí tionchar ann ag an Aire le freagracht as an gcomhshaoil. An rud atá i ndáiríre ná nach ndearnadh aon fhorbairt ar na ceisteanna seo ó shin.

Bhí na trí coincheap sin i gceist sa pholasaí neartú Gaeltachta. Ní aontaím leis an gcaoi a scríobhadh isteach i bplean Contae na Gaillimhe mar bhí an oiread béime ar an gcultúr, cibé céard é an chultúr. Dá mba é an chultúr an cluiche iománaíochta más ea ba cheart go mbeadh Cill Chainnigh i lár na Gaeltachta. Dá mba an ceol Gaelach é bhuel cuir Contae an Chláir isteach sa Ghaeltacht. Is ceist teanga é seo. D'fhéadfaí go mba é snagcheol is fearr leat agus sacar ach is í an teanga atá i gceist anseo ó thús go deireadh. An dtagann na finnéithe liom go bhfuil na tosaíochtaí seo ann polasaí a cheapadh? Ní féidir dlí a chur in áit polasaí a cheapadh. Ionstram reachtúil de shaghas éicint a bheadh feidhm dlí i gceist leis atá de dhíth. Is é sin ionstram reachtúil nó dlí nua; braitheann sin ar cé acu atá ag teastáil, bunaithe ar an bpolasaí sin. Má tá sé sin ann, caithfimid breathnú ar na struchtúir ach d'fhágfainn ceist na struchtúr go dtí an deireadh, marbí cinnte de go mbeidh níos mó saothrú faoi sin ná mar a bheidh faoin bpolasaí ná an cur i bhfeidhm. Tá chuile dhuine ag tochras ar a gceirtlín féin. Dúirt saineolaí liom lá amháin go gcuirfimid struchtúr nua ar bun in Éirinn i gcónaí nuair atá fadhb ann ach nach ndéanfaimid cinnte go n-oibríonn an struchtúr atá ann.

Níl mé cinnte. Aontaím go bhfuil sé feiliúnach go bhfuil seacht gcomhairle chontae ag plé le ceist mar seo ach má deirimid nach ndéanfaimid tada agus mura bhforbróimid polasaí chun go mbeidh na struchtúir athraithe, beimid ag fanacht rófhada.

Bhí mé ag éisteacht go cúramach le Mairéad Ní Fhátharta agus tá polasaí ag Fianna Fáil a d'fhoilsíomar maidir le cúrsaí pleanála. Níl a fhios agam an bhfaca aon duine de na finnéithe é. Níl an oiread sin éagsúlacht ann. Tá éagsúlacht béime anseo agus ansiúd idir an polasaí sin agus an méid atá ag Conradh na Gaeilge.

Is é an tuiscint a fuair mé ná go gceapann Conradh na Gaeilge go bhfuil daoine áitiúla á ndiúltú ar cheadanna pleanála. Bíonn liosta agam de na hiarratais phleanála a mbím ag plé leo - iarratais aonair, ar fhaitíos na míthuisceana - ó dhaoine atá ag iarraidh teach a thógáil ar thalamh a muintire den chuid is mó nó ar site a cheannaigh siad i gcomhthéacs na Gaeltachta agus ar Ghaeilgeoirí iad.

Tá fadhb níos mó ann. Nuair a bhreathnaím ar dhiúltú pleanála, breathnaím ar an gcúis. Is í an fhadhb níos mó a thagann chun cinn, an ceann is mó ar fad i gConamara ná dabhcha séarachais agus an córas eisilteach. Is cuma cén pholasaí Gaeilge a bheidh agat, caithfimid díriú air sin in áit eile. Caithfimid breathnú ar an teicneolaíocht a ligfeadh dúinn nó a cheadódh dúinn déileáil leis an bhfadhb ar drochthalamh portaigh i gConamara. Tá fadhb eile againn ar na hoileáin. Is é sin go laghdaíonn sé síos rósciobtha. Is ceist theicniúil fhíorthábhachtach é mar gurb é sin an fáth go ndiúltaítear do chuid mhaith acu.

Tá sé go hiomlán in aghaidh patrún lonnaíochta traidisiúnta na Gaeltachta go ndiúltaítear iarratais phleanála ar thalamh cúil. Is é sin teach taobh thiar de theach seachas a bheith ag scriosadh gach uile bhóthar san áit. Tá plé á dhéanamh againn faoi sin agus ag na comhairlí i bplean Chontae na Gaillimhe faoi láthair. Ba cheart, i gcomhthéacs na Gaeltachta, agus bhí sé sin luaite inár bplean, díriú go láidir isteach ar an bpatrún lonnaíochta sna Gaeltachtaí is láidre agus gan é sin a chur ina aimhréidh mar níl aon amhras faoi má bhreathnaítear ar cár mhair an Ghaeilge, bhí patrún lonnaíochta áirithe i gceist.

Ní tiúchan daonra a bhí i gceist mar bhí daonra thar a bheith dlúth sna Gaeltachtaí is láidre, an Cheathrú Rua, Cois Fharraige agus Gaoth Dobhair. Bhí siad ina gcónaí lena muintir féin, áfach. Bhí tacaíocht na seantuismitheoirí agus mar sin de acu. Ní fhéadfaí a rá, fiú sna bailte atá in ainm a bheith sa Ghaeltacht, fiú ó thús an chéid, go raibh Gaeilge á labhairt in aon bhaile d'aon substaint, taobh istigh de theorainneacha na Gaeltachta mar an teanga is treise. Níl mise ag rá nach féidir é a dhéanamh ach caithfear é a dhéanamh go mall agus go réidh.

Is í an tríú fadhb a éiríonn le hiarratais phleanála ná bóithre. Is é sin má thagtar amach an geata nach bhféadtar a fheiceáil ar dheis agus ar chlé. Níl aon rud is féidir linn a dhéanamh faoi sin, is ceist sábháilteachta é sin. Is fadhb ollmhór i gConamara í an tírdhreach nuair a bhíonn sé crochta nó whatever, fiú má tá sé ar bhealach an-chúlráideach. Ar ndóigh, tá brú ó eití eile sa phobal a chuirfeadh an tírdhreach roimh an teanga. Is fadhb í an dearadh ach is féidir í a leigheas. Bíonn sárú aisteach. Diúltaíodh do riar maith ceadanna ar dhearadh na dtithe.

Maidir le special areas of conservation, SACs, natural heritage areas, NHAs agus special protection areas, SPAs, go hiondúil i dtithe aonair, ní chabhraíonn siad leis an bhfadhb ach ní hí an fhadhb is measa iad.

Is é an fáth go bhfuil mé ag lua na rudaí seo ná, mura bhfeicimid an comhthéacs níos leithne, diúltófar don chuid is mó de na hiarratais. Tá riachtanas tithíochta i nGaillimh, agus níl mise ag caint ach ar Ghaillimh agus is é sin an t-aon phlean atá faoi mhionscrúdú. Gheofar an cead, ach bíonn fadhbanna ag daoine leis na rudaí ar fad atá luaite agam.

Is é an dea-scéala atá ann ná go bhfuil dréacht-treoirlínte á réiteach ag an Aire faoi láthair maidir le forbairt tuaithe. De réir mar a thuigim, sula bhfoilseofar iad san fhoirm dheiridh, beidh deis agam breathnú orthu. Tá sé fíorthábhachtach go bhfeicfimid iad sin agus go gcuirfimid iad i gcomhthéacs na bpobal a bhfuil eolas againn orthu, go mór mór i gcomhthéacs na Gaeltachta, ar cheart di a bheith ina heisceacht ó thaobh lonnaíochta de, ba chuma cén mhórpholasaí atá ag teacht chun gach uile dhuine a bhrú isteach in one-bedroom apartments cibé cén áit atá i gceist acu. I gcomhthéacs na Gaeltachta, má scriostar an patrún lonnaíochta, scriostar an teanga mar go bhfuil sí chomh leochaileach sin.

Ba mhaith liom tuairim Mairéad Ní Fhátharta a fháil maidir leis an gceist atá curtha agam faoi na hoileáin. Is é an rud a bhí scríofa anseo, agus an rud a chur mise isteach mar aighneacht ar na comhairleoirí le plé, ná más féidir le haon duine a chruthú, go réasúnta, go bhfuil i gceist aige nó aici cónaí go buan ar oileán, go n-aithneofaí go raibh riachtanas tithíochta acu i bhfianaise go bhfuil daonra ar gach uile oileán ag dul síos. Caithfear a chruthú go bhfuil i gceist ag an duine gan é a úsáid mar theach saoire agus gurb é an áit chónaithe bhuan é. Mar is eol do Mhairéad Ní Fhátharta ar an oileán a bhfuil cónaí uirthi, diúltaíodh daoine a bhí ann sé bliana, seacht mbliana nó ocht mbliana, a raibh na gasúir á dtógáil i nGaeilge acu, mar nach raibh siad in ann cruthú gurbh as an áit iad.

Le bheith dearfach faoi, bhí coincheap amháin eile ann ag dul siar go dtí na 1990idí, ar cuireadh isteach é i bplean chontae na Gaillimhe go drogallach ach nár brúdh é go láidir mar choincheap náisiúnta, go meallfaí chun na Gaeltachta daoine a mbeadh sé oiriúnach Gaeilge a bheith acu mar theanga theaghlaigh nó mar theanga cumarsáide laethúla a mbeadh ar ardchumas Gaeilge. Tá Conamara lán leo, i ngeall ar an méid áisíneachtaí. Chomhairfí leis sin go mbeadh polasaí dearfach pleanála a dheimhneofaí áisíneachtaí agus tionscail a bheadh ag feidhmiú trí Ghaeilge, mar shampla, TG4 leis an gclosamhairc, scannánaíocht agus na rudaí seo ar fad atá á dhéanadh, go dtabharfaí cead pleanála mar bhuntosaíochta dóibh agus iad ag dul ag treisiú leis an nGaeilge mar thionscal, ag mealladh daoine go dtí an áit agus ag cur le pobal na Gaeilge.

Níl aon mhaith dúinn a bheith ag cosaint agus a bheith diúltach i gcónaí. Caithfimid a rá go rachaimid amach agus go dtarraingeoimid daoine isteach anseo agus go láidreoimid an Ghaeilge. Mar shampla, dúradh gur bunaíodh Ráth Chairn in 1973. Bhuel, bhí sé ann roimhe sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.