Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 December 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Mura bhfuil focal scoir le rá ag aon duine eile, gabhaim buíochas dár bhfinnéithe. Is é atá i gceist againn, sa chaoi go mbeidh na finnéithe ar an eolas faoi, nuair a bheidh an tsraith seo cruinnithe críochnaithe cuirfimid tuarascáil le chéile. Bhí an trí chomhairle contae againn ina bhfuil Gaeltacht iontu os ár gcomhair an tseachtain seo caite. Beidh Comharchumann Ráth Chairn agus Conradh na Gaeilge os ár gcomhair an tseachtain seo chugainn. An tseachtain ina dhiaidh sin beidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta Darragh O’Brien, os ár gcomhair.

Má tá ár bhfinnéithe ag iarraidh go n-ardóimid aon cheist eile seachas na moltaí a chur siad faoinár mbráid nó má tá siad ag iarraidh soiléiriú a dhéanamh ar aon rud a dúirt siad inniu, níl fadhb ar bith leis sin. Iarraim orthu iad sin a chur ar aghaidh chugainn agus déanfaimid cinnte de go mbeidh siad curtha sa tuarascáil agus scaipthe ar bhaill an choiste.

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe ar fad: leo siúd ó Chomhairle Contae Chiarraí, Moira Murrell agus an fhoireann a bhí aici inniu; ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, Michael Walsh agus a fhoireann; ó Chomhairle Contae na Mí, Jackie Maguire agus a foireann; agus ó Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey agus an fhoireann atá aige freisin. Gabhaim buíochas freisin as na doiciméid a chuir siad chugainn agus, go háirithe, an ceann coiteann leis na moltaí a tháinig uathu ar fad.

Ar an 8 Nollaig pléifear an t-ábhar céanna: tithíocht agus cúrsaí pleanála fisiciúla sa Ghaeltacht arís, mar a dúirt mé níos luaithe, le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus Comharchumann Ráth Chairn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.