Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 December 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá roinnt ceisteanna agam féin, agus beidh an Teachta Danny Healy-Rae ag iarraidh teacht isteach nuair a bheidh sé ar ais sa seomra i gceann tamaillín. Má táimid críochnaithe faoin am sin, sin mar a bhíonn sé.

Tá ceist gasta agam do mhuintir Chorcaí. Cén uair a fheicfimid plean séarachais do Bhéal Átha an Ghaorthaidh? Deirtear liom go bhfuil oileán caca ar an Laoi agus go sileann sé isteach sna páirceanna. Tá a fhios agam nach bhfuil an dualgas go hiomlán ar Chomhairle Contae Chorcaí agus go bhfuil Uisce Éireann in ainm is a bheith i gceannas. An féidir leis na finnéithe cuidiú linn an cheist sin a fhreagairt?

Tá an ráiteas ó na comhairlí ar fad agus na hocht bpointí ann tábhachtach agus sin an fáth go raibh mé á fhágáil chun deireadh. Is rud maith é. Beidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta Darragh O’Brien, os comhair an choiste go gearr. Dúirt sé go raibh sé chun treoirlínte nó scéim ó thaobh tithíochta agus pleanáil sa Ghaeltacht a chur faoi bhráid an choiste, nó faoi bhráid an phobail, roimh an Nollaig so beidh sé anseo i gceann coicíse. Déanfaimid é seo a chur os a chomhair, ag lorg go ndéanfaidh sé obair dá réir. Tá sé seo tábhachtach. Leagan sé síos na fadhbanna atá ag na comhairlí contae agus na dualgais atá ar an státchóras cuidiú leo cinntí a ghlacadh.

Glacaim leis go bhfuil na finnéithe ar fad ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh san Ard-Chúirt mar gheall ar an gcás a ghlac Comharchumann Ráth Chairn i gcoinne An Bhoird Pleanála agus go bhfuil roinnt de na pointí seo ag teacht as sin agus roinnt cásanna eile le déanaí.

Tá na figiúirí tugtha ag na finnéithe sna doiciméid a thug siad dúinn don mhéid iarratais phleanála a diúltaíodh dóibh. Dúradh liom gur minic nach gcuireann daoine isteach ar chead pleanála mar go n-insítear dóibh sa chomhairle réamhphleanála nach mbeidh cead pleanála ar fáil agus mar sin ní chuireann siad an obair isteach le hailtirí agus a leithéid ar an gcéad dul síos. An ritheann sin leis an gcleachtadh in bhur gcontaetha?

Molaim don phobal, má tá siad ag éisteacht in aon chor, leanúint ag dul i ngleic leis an bpróiseas agus leis na dréachtphleananna forbartha sna contaetha. Tá sé amuigh don phobal, go bhfios dom, i ngach uile chontae agus tá deis acu á mhéara a chur isteach sa phota arís. Glacaim leis go mbeidh sé ag dul ar ais chuig na comhairleoirí contae nó cathrach chun déileáil leis roimh dheireadh na bliana nó ag tús na bliana seo chugainn. Beidh siad ar fad rite ansin chomh tapa agus is féidir.

Luadh tithe ar phraghas réasúnta. Tá scéim tithe inacmhainneachta á leagan amach ag an Rialtas faoi láthair. An bhfuil na comhairlí contae nó an grúpa oibre ag féachaint ar scéim ar leith do cheantair Ghaeltachta? Luadh gur minic nach eastáit tithíochta a bhíonn á dtógáil sa Ghaeltacht ach tithe aonaracha. An bhfuil a leithéid de scéim ann chun dul i ngleic leis an bhfadhb atá ann go bhfuil an praghas an-ard ar thithe nuathógtha? Ba cheart go mbeadh scéim ar leith ann chun déanamh cinnte de go mbeadh praghas níos ísle ar fáil dóibh siúd atá lonnaithe sa Ghaeltacht cheana féin nó atá ag iarraidh lonnú sa Ghaeltacht.

Luaim na tithe samhraidh. Measaim gur Michael Walsh a luaigh an méid tithe folmha a bhí i gceantar Gaeltachta oíche an daonáirimh agus go raibh sé timpeall 20%. Measaim go mbíonn sé níos airde ná sin fiú i gceantair Ghaeltachta eile. An tithe folmha iad nó an tithe samhraidh iad? Más tithe folmha iad an raibh siad tréigthe nó an é go raibh siad folamh agus ar díol nó an seo an líon tithe samhraidh atá ann? Más tithe samhraidh iad, cén seasamh atá ag an gcomhairle maidir le cead pleanála a thabhairt do thithe samhraidh a thógáil nó ar athrú ó thithe cónaithe? An bhfuil aon bhealach ann chun é sin a stopadh ionas gur tithe teaghlaigh a bheadh ann seachas tithe samhraidh?

An dtabharfar aird speisialta d'iarrthóirí le Gaeilge feasta? Ní díreach siúd a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht atá i gceist agam, fiú má chloínn sé leis na polasaithe tithíochta tuaithe nuair atá plean forbartha á leagan amach. Uaireanta leagtar plean forbartha amach a bhíonn dírithe ar an gcontae ar fad ach bíonn eisceachtaí ag teastáil chun cuidiú le ceantar beag Gaeltachta ar nós Baile Ghib nó ceantair i gcontaetha eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.