Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 December 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na cuir i láthair. Tá an-chuid eolas ann. Cuirim fáilte faoi leith roimh na finnéithe ó Chomhairle Contae Chorcaí. Tá sraith cheisteanna agam a bhaineann le gach comhairle agus ansin b’fhéidir go mbeidh ceist nó dhó agam do na finnéithe ó Chomhairle Contae Chorcaí.

An bhfuil tús áite tugtha do Ghaeilgeoirí nuair atá siad ag lorg cead pleanála sa Ghaeltacht nó an bhfuil aon teanga in aon chor san áireamh? Tá seo tábhachtach nuair a táimid ag caint mar gheall ar thithe aonaracha mar is minic atá siad ann i gcomhair an iarrthóra féin. Má fhéachaimid ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh, mar shampla, is beag forbartha in aon chor atá sa sráidbhaile toisc an córas séarachais. Feicimid an tslí a bhíonn Gaeilgeoirí líofa ag lorg tithíocht ar a dtalamh féin agus go ndiúltaítear dóibh toisc nach bhfuil siad sa sráidbhaile. Is cailliúint í don Ghaeltacht nach bhfuil deis ag Gaeilgeoirí cur fúthu i measc a phobal féin. An bhfuil aon iarracht á dhéanamh tús áite a thabhairt don teanga agus chun an Ghaeltacht a chothú leis na hiarratais phleanála?

Nuair a bhíonn iarratas pleanála ann, tá sé sofheicthe go mbeadh special area of conservation sa cheantar nó b'fhéidir foirgneamh éigin le stádas cosúil le lios nó gallán agus caithfear sin a chur san áireamh nuair a bhíonn an t-iarratas pleanála á mheas. Níl an Ghaeltacht leagtha síos sa léarscáil céanna áfach agus mar sin níl sí á tógáil san áireamh nuair a bhíonn an t-iarratas á mheas. An bhfuil aon iarracht á dhéanamh chun é sin a cheartú chun go mbeadh an Ghaeltacht leagtha amach ar na léarscáileanna i gcomhair na hiarratas pleanála agus chun a chinntiú go bhfaigheadh sí an t-aitheantas agus an stádas chun go mbeadh sí san áireamh i gcomhair iarratas pleanála?

Tagraím d’fheirmeacha gaoithe agus d'infreastruchtúr mór ar nós línte leictreachais agus mar sin de. Is minic a bheadh ciste pobal bainteach lena leithéid. De ghnáth, nuair a bhíonn an t-airgead sin á chaitheamh bíonn sé treoraithe i dtreo cúrsaí comhshaoil nó rud éigin a bheadh bainteach leis an bhfeirm gaoithe. Is cuid tábhachtach den phobal í an Ghaeltacht chomh maith. An féidir aon sciar de na cistí pobail sin a threorú i dtreo teanga agus cultúir nuair atá na forbairtí sin sa Ghaeltacht? Tagraím do thithe sóisialta. Cén meáchan a fhaigheann an teanga nó tacaíocht don Ghaeltacht nuair atá measúnú á dhéanamh ar iarratais i gcomhair thithe sóisialta? An mbíonn sé san áireamh in aon chor, an mbíonn pointí breise ann nó cén iarracht a dhéantar?

Tá ceist eile agam i gcomhair Chomhairle Contae Chorcaí go háirithe. Baineann sé leis na figiúirí i gcomhair na ndaoine gur ceadaíodh agus gur diúltaíodh cead pleanála dóibh.

Má táim ag léamh an méid seo i gceart, níl ach triúr a diúltaíodh ceadanna pleanála dóibh de réir fhigiúr 3. Chuirfeadh sé sin ionadh orm. An bhféadfaí, más é toil ár bhfinnéithe, míniú a thabhairt ar na figiúirí atá ar fhigiúr 2, maidir leis an 140 teach atá ceadaithe? Cén scéal atá ann maidir leis an 165? An é go bhfuil daoine ag iarraidh tithe a leagan agus a atógáil? Go minic maidir leis na hiarratais a bheinn ag plé leo, is amhlaidh gur daoine a bheadh ag tógáil ar pháirc nua ghlas agus feicim ón staidéar ar na figiúirí seo nach mbeadh ach 13 i gceist leo. Tá míthuiscint éigin ansin mar gheall ar an tábla sin, figiúr 2 agus an bhféadfaí míniú a thabhairt air sin dom, le toil na bhfinnéithe, mar de réir an fhigiúir sa dara colún deireanach, níl ach triúr ceadaithe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.