Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 December 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir as teacht isteach. Tá cúpla ceist agam do Tim Lucey ó Chorcaigh mar gheall ar an bplean forbartha. Bhí cúpla gearán againn. Dúirt daoine liom go raibh sé ar fáil i mBéarla amháin. Is ar éigean a rinneadh aon tagairt do Chúil Aodha sa phlean agus ní raibh tagairt ar bith do Chill na Martra ann. Cén coinníollacha atá ann, nó cén mhonatóireacht atá ar bun ar thithíocht, chun a chinntiú go bhfuil tithe ag Gaeilgeoirí nuair nach bhfuil seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge? The development plan was apparently only available in English and made barely any reference to Cúil Aodha and none to Cill na Martra. What conditions are in place to make sure that Irish speakers have houses? Cad atá ar bun chun a chinntiú gur féidir le Gaeilgeoirí tithe a thógáil sa Ghaeltacht chun na glúine atá amach romhainn a choimeád san áit? What is being done to ensure that Irish speakers can build houses in the Gaeltacht?

Cuirim fáilte roimh an toscaireacht ó Chomhairle Contae Chiarraí. Gabhaim buíochas leis an gcomhairle as an ráiteas go léir a bhí ag Moira Murrell a bheith as Gaeilge. Tá cúpla ceist agam. An aithníonn Comhairle Contae Chiarraí go raibh cúpla botún déanta aici, mar shampla, i leith na conspóide a bhain le Pairceanna na Glas? An bhfuil obair déanta aici chun rudaí mar sin a choimeád as na nuachtáin? Tá an-chuid fhadhbanna ann maidir le Airbnb, sa Daingean ach go háirithe. Cad atá á dhéanamh ag an gcomhairle mar gheall air sin? Is é sin an fáth go bhfuil praghsanna tithe lasmuigh den bhaile ag dul in airde. An bhfuil plean ann rud a dhéanamh mar gheall ar Airbnb agus cead pleanála? Chomh maith leis sin, an bhfuil aon tithíocht shóisialta á cruthú ag Comhairle Contae Chiarraí sa Ghaeltacht in Uíbh Ráthach nó i gCorca Dhuibhne?

Ina ráiteas, dúirt Moira Murrell go bhfuil coiste um polasaí straitéiseach na Gaeltachta ann agus go bhfuil pleananna, tionscadail agus polasaí eacnamaíochta á bhforbairt faoi phlean forbartha an chontae. Dúradh sna comh-mholtaí, nó joint recommendations, go bhfuil rudaí á ndéanamh mar gheall ar affordability agus ar theastas nó scrúdú maidir le fluency. Cén leibhéal Gaolainne a bheidh ar na daoine a bhfaighidh tithe sa Ghaeltacht? An bhfuil leibhéal B2, C1 nó rud éigin eile in aigne ag an gcomhairle? Mar gheall ar na pleananna sin, conas a chruthóidh Comhairle Contae Chiarraí gá don teanga sa Ghaeltacht, rud a chabhródh le daoine a choimeád agus leis an teanga a choimeád beo sa Ghaeltacht? Is iad sin na ceisteanna atá agam. What schemes are in those plans to promote the Irish language?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.