Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 December 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht: Plé
Mr. Ciarán Mangan:
Tá dhá cheantar Gaeltachta sa Mhí agus is iad sin Ráth Chairn, suite 3.5 km soir ó Bhaile Átha Buí agus Baile Ghib, thart ar 7 km siar ó thuaidh ón Uaimh. Meastar go bhfuil daonra 156 ag Ráth Chairn, méadú 33% ar dhaonáireamh 2011, agus tuartar go mbeidh daonra 226 aige faoi 2027 de réir phlean forbartha Chontae na Mí 2021 go 2027. Tá dhá cheantar ar leith i Ráth Chairn: ceartlár an tsráidbhaile ina bhfaightear an siopa, an séipéal, halla an bhaile agus an pháirc Cumann Lúthchleas Gael, agus ansin tá an limistéar fiontraíochta agus fostaíochta ag an mbealach isteach go dtí an sráidbhaile ó thuaidh. Tá áiteanna cónaithe stairiúla a thagann ó aimsir Choimisiún na Talún agus áiteanna cónaithe nua-aimseartha araon fite fuaite idir an dá cheantar. Tá an bhunscoil lonnaithe ó dheas ar an mbealach isteach go dtí an sráidbhaile, agus tá an mheánscoil, Coláiste Pobail Ráth Chairn, lonnaithe idir lár an tsráidbhaile agus an limistéar fiontraíochta.
Tá forbairt ar Ráth Chairn mar áit lonnaithe ísealdlúis ina bhfuil áiteanna cónaithe scoite laistigh de cheapacha aonair. Leanann forbairt nuachónaithe an tsráidbhaile an múnla seo agus is é an cineál áirithe forbartha seo atá dílis d'fhoirmeacha agus do stíleanna fhoirgnimh traidisiúnta na háite a spreagtar. Tá an ceantar a cheaptar a bheith in oiriúint i gcomhar forbartha nuachónaithe lonnaithe i gceartlár an tsráidbhaile in aice le crosaire an tsráidbhaile, mar aon le feidhmeanna lárionaid chun lárionad tráchtála an tsráidbhaile a dhaingniú. Tá forbraíocht chónaithe ísealdlúis cruinnithe le chéile taobh le lár an tsráidbhaile agus meastar gur seo an áit is cuí le haghaidh réiteach malartach inbhuanaithe in ionad tithe aonair a thógáil ann, agus chuirfeadh seo go mór le carachtar tuaithe an cheantair a chothú.
Leagtar amach an fhís i gcomhar Ráth Chairn i bplean forbartha Chontae na Mí 2021 go 2027 mar seo a leanas.
Tá an fhís ann d'fhonn oidhreacht theanga agus chultúrtha Ghaeltacht Ráth Chairn a chur chun cinn agus cur le tréithe áirithe agus tús áite an tsráidbhaile agus an fhéiniúlacht ar leith a ghabhann leis a threisiú ar shlí a chuireann go mór lena shuaithinseacht theanga agus chultúrtha, mar aon le forbraíocht a sholáthar, rud a n-éascódh go mbeidh Ráth Chairn in ann forbairt go hinbhuanaithe mar áit chónaithe inar féidir obair nó fiú bheith ar do shuaimhneas, agus mar áit ar féidir cuairt a thabhairt uirthi agus éagsúlacht an cheantair Ghaeltachta ar leith seo a chur chun cinn. Ní spreagfar ach fás cónaitheach nádúrtha agus orgánach thar shaolré an phlean forbartha i gcomhréir le croí-straitéis an phlean forbartha.
Aimsítear deiseanna sa phlean forbartha chun an sráidbhaile a fhorbairt tuilleadh laistigh de shaolré an phlean. Lena n-áirítear beidh acmhainn shuntasach turasóireachta an tsráidbhaile a fhorbairt mar Ghaeltacht ar leith chun cur le forbairt inbhuanaithe an tsráidbhaile, chomh maith leis an áit a chur chun cinn mar áit inar féidir an Ghaeilge agus an cultúr go ginearálta a chur chun cinn; na bealaí isteach go dtí an sráidbhaile a fheabhsú agus lár an tsráidbhaile a dhaingniú, a chuirfidh le mealltacht Ráth Chairn i gcomhar feidhmeanna nua fiontraíochta agus fostaíochta; cuirfidh Fóram Forbartha Ghaeltacht na Mí stádas eacnamaíoch Ráth Chairn chun cinn agus tá sé mar chuspóir aige tacú leis na bearta a dhíríonn ar fhás geilleagrach a ghríosadh.
Maidir le Baile Ghib meastar go bhfuil daonra 81 duine ag Baile Ghib agus tuartar go mbeidh daonra 131 aige faoi 2027 de réir Phlean Forbartha Chontae na Mí 2021-2027. Ainmníodh Baile Ghib as Diméin Bhaile Ghib. Bhí an diméin comhdhéanta de Theach Bhaile Ghib, a tógadh in 1871, clós feirme agus na tailte a bhain léi, garraí daingean, foirgnimh feirme agus teach geata ina measc. Forbraíodh an sráidbhaile le taobh na diméine sna 1930idí nuair a fágadh an garraí daingean agus roinnt bealaí isteach chuig an diméin, lena n-áirítear bealach foirmiúil ar an taobh thiar agus bealach beag ar an taobh thoir taobh leis an limistéar tionsclaíoch atá ann anois. Tá fothrach an tí gheata, ar bhealach isteach eile chuig an eastát agus é lonnaithe os comhair na bunscoile.
Tá an sráidbhaile comhdhéanta de na teachíní stairiúla a bhain le diméin Bhaile Ghib agus de thithe scoite i stíleanna éagsúla teaghaisí, lena n-áirítear struchtúr aon urlár agus dhá urlár, le struchtúir feirme agus tráchtála ar chúl. Tacaíonn an plean le tabhairt chun críche an eastáit reatha neamhchríochnaithe agus le forbairt a dhéanamh ar áiteanna cónaitheacha inlíonta agus cuirtear chun cinn ann athchóiriú na bhfoirgneamh feirme stairiúla, a bhaineann leis an turasóireacht, ar an taobh thoir theas den sráidbhaile. Breithneofar forbairt úsáid mheasctha nuálach freisin a bhainfeadh leis na foirgnimh feirme atá ann cheana a bhíodh mar chuid den diméin, sa chás go mbeadh san áireamh inti moltaí chun úsáid inbhuanaithe a chruthú do na struchtúir stairiúla, tarraingteacha seo.
Leagtar amach an fhís i gcomhair Bhaile Ghib i bPlean Forbartha Chontae na Mí 2021-2027 mar seo sna hailt seo a leanas.
D'fhonn oidhreacht teanga agus chultúrtha Gaeltacht Bhaile Ghib a chur chun cinn agus chun a féiniúlacht fhisiciúil agus a ómós áite a shainmhíniú trí bhíthin gnéithe tráchtála agus cónaitheacha i lár an tsráidbhaile a chomhdhlúthú agus a threisiú, tógfar ar oidhreacht fhisiciúil Dhiméin Bhaile Ghib, as a n-ainmnítear an sráidbhaile, ar bhealach a chuirfidh feabhas ar a idirdhealaitheacht teanga agus chultúrtha, fad a dhéanfar soláthar don fhorbairt lena dtabharfar deis Baile Ghib a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe mar áit tharraingteach le bheith ag cónaí agus ag obair ann, i mbun fóillíochta ann agus ag tabhairt cuairte air, fad a léireofar a idirdhealaitheacht mar Ghaeltacht. Aimseofar deiseanna sa phlean forbartha chun an sráidbhaile a fhorbairt tuilleadh laistigh de shaolré an phlean. Lena n-áirítear déanfar na bealaí isteach chuig an sráidbhaile a fheabhsú, a chuirfidh le féiniúlacht Bhaile Ghib don lucht cónaithe, agus feidhmeanna nua fiontraíochta agus fostaíochta; daingneofar lárionad tráchtála an tsráidbhaile ar an taobh thoir den sráidbhaile, ag comhtháthú athúsáid acmhainneach na struchtúr stairiúil feirme, agus daingniú na scoile agus an chlibín tithe i lár an tsráidbhaile mar shuíomh d'fhorbairt chónaithe inlíonta; mianach san ascaill stairiúil isteach chuig Teach Bhaile Ghib chun bealach taitneamhachta a chruthú a cheanglódh leis na taitneamhachtaí áitiúla; agus anuas air sin, go gcuirfeadh Fóram Forbartha Eacnamaíochta Ghaeltacht na Mí stádas eacnamaíoch speisialta Ráth Chairn chun cinn mar go bhfuil sé mar chuspóir aige tacú leis na beartais a dhíríonn ar fhás eacnamaíoch sa sráidbhaile a ghríosú.
Sa bheartas pleanála, leagtar amach na beartais agus na cuspóirí maidir le ceantair Ghaeltachta na Mí i roinn 9.12 de phlean forbartha Chontae na Mí, lena n-áirítear tionchar dearfach a bheith ag an bhforbairt nua go léir sna ceantair Ghaeltachta ar úsáid na Gaeilge sa limistéar agus ar oidhreacht chultúrtha an limistéir a chinntiú, agus féachaint chuig acmhainn eacnamaíoch agus fhorbartha an limistéir a chomhlíonadh ar bhealach cothrom agus inbhuanaithe thar shaolré an phlean. Tá sé i gceist é seo a dhéanamh ina cheangal go gcloífeadh na hiarratais go léir le haghaidh tithe tuaithe sna ceantair Ghaeltachta le hEolaí na Mí ar Dhearadh Tuaithe. Tá sé i gceist freisin é seo a dhéanamh ina cheangal go ndéanfaí staidéar tionchair teanga sula bpléitear aon iarratas ar thithíocht i gcomhair forbairtí tithíochta aonair agus iomadúla sa cheantar Gaeltachta. Trí thagairt a dhéanamh do chúlra teanga na n-úsáideoirí nó na gcónaitheoirí beartaithe, nó a chaidreamh le cuspóirí forbartha teanga nó cultúrtha na ngrúpaí a bhaineann le forbairt na gceantar Gaeltachta nó atá i bhfeighil uirthi a aithint, beidh ar a leithéid de staidéar a chruthú go mbeidh tionchar dearfach ag an iarratas ar chur chun cinn agus ar úsáid na Gaeilge mar theanga an phobail.
Cuirfear soláthar comharthaí i nGaeilge sna ceantair Ghaeltachta chun cinn maidir le sonraí míniúcháin ag pointí iontrála agus imeachta faoi thábhacht chultúrtha na limistéar le haghaidh cuairteoirí; soláthar gach comhartha gnó i nGaeilge; agus i dteannta leis na grúpaí ábhartha gairmiúla agus gairme, go mbeadh comharthaí ceantálaí agus comharthaí sealadacha eile i nGaeilge. Tacaítear leis na beartais agus na cuspóirí sin a thuilleadh sna beartais agus cuspóirí i ráiteas scríofa do Ráth Chairn agus Baile Ghib in imleabhar 2 de phlean forbartha an Chontae.
Leanfar leis an beartas seo d'fhonn oidhreacht teanga agus chultúrtha Ghaeltacht Ráth Chairn a chur chun cinn agus cur le tréithe áirithe agus tús áite an tsráidbhaile, agus an fhéiniúlacht ar leith a ghabhann leis a threisiú ar shlí a chuireann go mór lena suaithinseacht teanga agus chultúrtha, mar aon le forbraíocht a sholáthar, rud a n-éascódh go mbeidh Ráth Chairn in ann forbairt go hinbhuanaithe, mar áit chónaithe inar féidir cónaí, obair nó fiú bheith ar do shuaimhneas agus mar áit ar féidir cuairt a thabhairt uirthi agus éagsúlacht an cheantair Ghaeltachta ar leith seo a chur chun cinn.
Tá sé i gceist é a dhéanamh ina cheangal go ndéantar staidéar tionchair teanga sula bpléitear aon iarratas ar thithíocht i gcomhair forbairtí tithíochta aonair agus iomadúla sa cheantar. Trí thagairt a dhéanamh do chúlra teanga na n-úsáideoirí nó na gcónaitheoirí atá beartaithe, nó fianaise dá chaidreamh le cuspóirí forbartha teanga nó cultúrtha grúpaí a bhaineann le nó atá i bhfeighil fhorbairt na gceantar Gaeltachta, beidh ar a leithéid de staidéar a léiriú go mbeidh tionchar dearfach ag an iarratas áirithe ar chur chun cinn agus úsáid na Gaeilge mar theanga an phobail.
Maidir le hoidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta agus d'fhonn oidhreacht teanga agus chultúrtha Gaeltacht Bhaile Ghib a chur chun cinn agus chun a féiniúlacht fhisiciúil agus a ómós áite a shainmhíniú trí bhíthin gnéithe tráchtála agus cónaitheacha i lár an tsráidbhaile a chomhdhlúthú agus a threisiú, tógfar ar oidhreacht fhisiciúil Dhiméin Bhaile Ghib, as a n-ainmnítear an sráidbhaile, ar bhealach a chuirfidh feabhas ar a idirdhealaitheacht teanga agus chultúrtha, fad a dhéanfar soláthar don fhorbairt lena dtabharfar deis Baile Ghib a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe mar áit tharraingteach le bheith ag cónaí agus ag obair ann, i mbun fóillíochta ann agus ag tabhairt cuairte air, fad a léireofar a idirdhealaitheacht mar Ghaeltacht.
Tá sé i gceist é seo a dhéanamh ina cheangal go ndéantar staidéar tionchair teanga sula bpléitear aon iarratas ar thithíocht i gcomhar forbairtí tithíochta aonair agus iomadúla sa cheantar. Trí thagairt a dhéanamh do chúlra teanga na n-úsáideoirí nó na gcónaitheoirí atá beartaithe, nó fianaise dá chaidreamh le cuspóirí forbartha teanga nó cultúrtha grúpaí a bhaineann le nó atá i bhfeighil fhorbairt na gceantar Gaeltachta, beidh ar a leithéid de staidéar a léiriú go mbeidh tionchar dearfach ag an iarratas áirithe ar chur chun cinn agus úsáid na Gaeilge mar theanga an phobail.
Tacófar le hÚdarás na Gaeltachta, Fóram Forbartha Eacnamaíochta Ghaeltacht na Mí agus forais agus gníomhaireachtaí ábhartha eile i bhforbairt feidhmeanna eacnamaíochta inbhuanaithe agus feidhmeanna eacnamaíochta atá bunaithe ar an nGaeilge sa cheantar Gaeltachta.
Maidir leis an stair phleanála, fuarthas 149 iarratas ar an iomlán ag iarraidh cead pleanála sa dá cheantar Gaeltachta le linn na tréimhse 2016-20. Bhain na hiarratais sin le cineálacha éagsúla forbartha, amhail cead cónaithe nua, cead tráchtála, cead coinneála, cead sínidh ar fhorbairt reatha agus cead a bhain le talmhaíocht. Dírítear ar iarratais a bhaineann le forbairt nua chónaithe agus thráchtála sa tuairisc seo. Fuarthas 62 iarratas ar an iomlán a bhain le forbairt nua chónaithe agus thráchtála sa tréimhse a leagadh amach. Léirítear miondealú na n-iarratas sin i dtábla 1 sa ráiteas. I mBaile Ghib bhí 33 iarratas pleanála, le 30 ceadaithe agus trí cinn diúltaithe. I Ráth Chairn bhí 29 iarratas, le 28 ceadaithe agus ceann diúltaithe. San iomlán, bhí 62 iarratas ann, 58 acu ceadaithe agus ceithre cinn diúltaithe. Léirítear miondealú na n-iarratas de réir cur síos forbartha i dtábla 2. I mBaile Ghib bhí 31 iarratas do thithe cónaithe agus dhá iarratas tráchtála. I Ráth Chairn, bhí 26 iarratas do thithe cónaithe agus trí do phleanáil tráchtála. San iomlán, bhí 57 iarratas cónaithe agus cúig iarratas tráchtála ann.
Déantar measúnú ar gach iarratas pleanála faoi RD POL 28, RD POL 29, RD OBJ 19, RD OBJ 20 agus tacaítear leo le haon bheartas agus cuspóir ábhartha sa ráiteas scríofa aonair don lonnaíocht. Bíonn an chomhairle ag brath ar litir thacaíochta nó staidéar tionchair teanga chun comhlíonadh RD OBJ 19 a léiriú. Go ginearálta, is litir í seo ón gcomharchumann nó ó choiste ina gcuirtear in iúl go gcuirfeadh an t-iarrthóir, má éiríonn leis, le leanúint na Gaeilge agus an chultúir sa cheantar Gaeltachta. Don chuid is mó, d'fhreastail na hiarrthóirí ar choláiste pobail nó an scoil iar-bhunscoile. Cé go bhfuil oifigeach Gaeilge i gComhairle Chontae na Mí, ní dhéanaimid measúnú teanga toisc gur beartaíodh go bhfuil an comharchumann nó an coiste áitiúil níos oiriúnaí chun a chinntiú go gcuirfeadh an t-iarrthóir le leanúint na teanga agus an chultúir.
No comments