Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 December 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht: Plé

Mr. Michael Walsh:

Táimid lánsásta a bheith anseo inniu chun labhairt leis an gcoiste ar chúrsaí pleanála i nGaeltacht na Déise. Is ceantar tuaithe é Gaeltacht na nDéise. Cuimsíonn sé ceantar geografach 62 km cearnach agus tá daonra de 1,816 duine sa cheantar, dar le daonáireamh 2016. Aithníonn an chomhairle gur cuid thábhachtach de thraidisiún teangeolaíoch, sóisialta agus cultúrtha an chontae í nGaeltacht Phort Láirge. Tá an t-ádh ar Ghaeltacht na nDéise toisc gur féidir le 75% den daonra Gaeilge a labhairt. Luaigh 45.6% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge ar bhonn laethúil i ndaonáireamh 2016. Tá méadú seasta tar éis teacht ar dhaonra Ghaeltacht na nDéise le 25 bliain anuas. Cé gur thit céatadán an daonra a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil idir 1996 agus 2002, cuireadh stop leis an meath seo agus léirigh an daonáireamh is déanaí go raibh méadú suntasach tar éis teacht ar líon na gcainteoirí Gaeilge le 20 bliain anuas, staitistic a théann in aghaidh na treochta náisiúnta.

Ar nós na bpobal Gaeltachta eile ar fud na tíre, tá brú ollmhór ar an gceantar seo maidir le sláine phobal labhartha na Gaeilge, brú a mbaineann ceithre phríomhfhórsa leis: tionchar na ndaoine nach cainteoirí Gaeilge iad ar mian leo tithe a thógáil agus a cheannach i gceantair Ghaeltachta; easpa tithe ar phraghas réasúnta sna ceantair; easpa seirbhísí chun forbairtí ar scála níos mó a éascú; agus fáil ar shuímh agus srianta ar thithíocht tuaithe.

Is dúshlán suntasach don phobal áitiúil inacmhainneacht tithíochta de bharr suíomh cósta, ardchaighdeán comhshaoil, éileamh ard ar áiteanna cónaithe tánaisteacha, ar thithe saoire agus ar ligean gearrthéarmach, chomh maith le ganntanas coibhneasta d’fhorbairt fhiontrach tithíochta. Ina theannta sin, níl tuilleadh suntasach breise sa líonra seirbhísí uisce sa cheantar tuaithe seo. Cuireann sé seo srian sa bhreis ar roghanna féideartha chun na fadhbanna a bhaineann le hinacmhainneacht a réiteach. Ina ainneoin sin, i go leor cásanna tá forbairtí ar scála níos mó ag teacht salach ar charachtar riachtanach an phobail Ghaeltachta seo. Cruthaíonn meascán den éileamh láidir agus soláthar teoranta dúshlán mór, agus dar le roinnt ceannaitheoirí céad uaire, níl de rogha acu ach féachaint lasmuigh den Ghaeltacht i gcomhar tithíochta inacmhainneachta. De ghnáth bíonn soláthar tithíochta an cheantair ar ardchaighdeán, agus tá formhór na dtithe úinéir-áitithe. Taifeadadh go raibh 20% de na tithe go léir folamh oíche an daonáirimh is déanaí. Léiríonn sé seo an líon cuíosach ard tithe saoire sa suíomh cois farraige seo.

Tá an t-údarás pleanála tiomanta do charachtar agus sláinte teanga Ghaeltacht na nDéise a chosaint agus a fheabhsú. Iarrann an t-údarás pleanála ar ráiteas tionchair teangeolaíochta d’aon fhorbairt fhiontrach tithíochta i gceantar na Gaeltachta. Is gá don ráiteas tionchair seo achoimre a thabhairt ar an gcaoi a gcaomhnódh agus a dtacódh forbairt bheartaithe le carachtar na Gaeltachta, sula ndéanfaidh an t-údarás pleanála cead pleanála a mheas. Go ginearálta bíonn clásal feidhme teanga ar cheann de na coinníollacha. Ceanglaíonn an clásal seo gur gá líon áirithe de na tithe a dhíol le daoine a léirigh don údarás pleanála go bhfuil líofacht réasúnta sa Ghaeilge acu. Deirtear i bplean forbartha Contae Phort Láirge 2011 go 2017 go mbeidh 70% de na tithe in aon fhorbairt nua in áitiú ag daoine a bhfuil líofacht réasúnta sa Ghaeilge acu. Éilíonn an dréachtphlean reatha go méadófar an líon seo go 80%. Agus moltaí á mbreithniú againn chun teach aonair a fhorbairt laistigh de Ghaeltacht na nDéise, chomh mhaith le cur chuige seicheamhach a chur i bhfeidhm agus a chinntiú nach mbeidh drochthionchar ag an bhforbairt ar charachtar an cheantair, lorgaíonn muid fianaise ar riachtanas soiléir eacnamaíoch, sóisialta nó áitiúil chun cónaí sa cheantar, nó toiliú le coinníoll áitíochta agus clásal feidhme teanga a cheangal ar feadh tréimhse 15 bliana ó chéad áitíochta an áitribh.

Tá gealltanas poiblí tugtha ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge plean ceantair áitiúil do Ghaeltacht na nDéise, ar plean reachtúil é, a ullmhú i gcomhar leis na pobail áitiúla agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta ábhartha, ina measc Údarás na Gaeltachta, mar shampla. Is cuideachta forbartha teoranta faoi stiúir an phobail Comhlucht Forbartha na nDéise, a bunaíodh in 2005 ar mhaithe leis an nGaeilge a bhuanú agus a neartú i nGaeltacht Phort Láirge. Leag an chuideachta plean teanga uaillmhianach seacht mbliana amach chun stádas na Gaeilge a neartú agus úsáid na Gaeilge a mhéadú i nGaeltacht na nDéise don tréimhse 2018 go 2024. Ní hamháin gur ghlac Comhlucht Forbartha na nDéise páirt sa phróiseas comhairliúcháin d’fhorbairt an dréachtphlean forbartha reatha ach chas ionadaí ó rannóg pleanála an chomhairle le hionadaithe ó Chomhlucht Forbartha na nDéise chun cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a phlé mar chuid den phróiseas a bhain leis an dréachtphlean reatha a chur le chéile.

Tá roinnt dúshlán ann don chuspóir riachtanach lucht labhartha na Gaeilge a choinneáil agus tús áite a thabhairt dóibh i gceantair Ghaeltachta. Dúshlán mór is ea é do na húdaráis áitiúla na coinníollacha áitíochta do lucht labhartha na Gaeilge a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Braitheann cur i bhfeidhm na gcoinníollacha ar cheannaitheoirí na dtithe ina dhiaidh sin ar smacht trí thíolacadh. D'fhéadfadh sé seo teacht salach ar chearta réadmhaoin bunreachtúla. Chomh maith leis sin tá neamhréir ann idir an reachtaíocht um thithíocht shóisialta agus na hAchtanna Pleanála agus Forbartha mar a bhaineann siad le chosaint na Gaeltachta, gan aon fhoráil i reachtaíocht ná i rialachán tithíochta tús áite a thabhairt do dhaoine a labhraíonn Gaeilge.

Fáiltíonn Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge roimh bhunú na grúpa oibre idir-rannach ar ghnóthaí pleanála Gaeltachta i mí na Bealtaine 2021. Oibreoidh an chomhairle tríd an ngrúpa seo chun beartas agus nósanna imeachta comónta a fhorbairt chun déileáil le saincheisteanna atá ina n-ábhair imní inár bpobail Ghaeltachta. Chuirfeadh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge fáilte mhór roimh rialachán reachtúla feabhsaithe ag an leibhéal náisiúnta maidir le polasaí pleanála agus tithíochta sóisialta sna limistéir Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.