Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 November 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas libh ar fad. Is é sin deireadh na gceisteanna. Ní fheicim aon lámha eile in airde.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil arís leis an fhoireann ó Chomhairle Contae Dhún na nGall: John G. McLaughlin, an príomhfheidhmeannach; Liam Mac an Bhaird, stiúrthóir forbartha pobail agus seirbhísí pleanála; agus Eunan Quinn, an pleanálaí sinsearach; leis an fhoireann ó Chomhairle Contae na Gaillimhe: Valerie Loughnane, an pleanálaí sinsearach; Brendan Dunne, an pleanálaí feidhmiúcháin; agus Úna Ní Eidhin, oifigeach forbartha na Gaeilge; agus leis an fhoireann ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo: Kevin Kelly, an príomhfheidhmeannach; Catherine McConnell, an stiúrthóir pleanála; agus Tomás Ó Giollagáin, an stiúrthóir tithíochta. Arís, ba mhaith liom mo bhuíochas agus buíochas an chomhchoiste a ghabháil libh as a bheith linn inniu chun an t-ábhar seo a phlé. Tá sé i gceist againn déileáil leis na contaetha eile an tseachtain seo chugainn. Má tá na finnéithe atá linn inniu ag lorg níos mó eolais faoin gcaoi ina bhfuil nithe sna contaetha eile, is féidir leo éisteacht leis sin.
Ar an 1 Nollaig pléifear an t-ábhar céanna maidir le tithíocht agus cúrsaí pleanála fisiciúil sa Ghaeltacht le hionadaithe ó chomhairlí contaetha Chiarraí, Chorcaí agus na Mí agus ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.
No comments