Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Mr. Liam Mac an Bhaird:

Má chuala mé an cheist i gceart, maidir leis na coinníollacha a bhaineann leis an nGaeilge a chuir muid ar cheadanna pleanála i nDún na nGall, ní chuirimid aon choinníoll ar bith ar thithe aonair. Níl aon choinníoll mar pháirt den phróiseas cead pleanála ar thithe aonair. Maidir le heastáit tithíochta de níos mó ná deich dteach iontu, tá coinníollacha ann go gcaithfidh an t-iarrthóir a chinntiú go mbíonn daoine a bhfuil Gaeilge acu lonnaithe i gcuid de na tithe sin. Mar a dúirt mé cheana féin, eastáit tithíochta de níos mó ná deich dteach, caithfidh an t-iarrthóir an ráiteas teanga a chur isteach leis an iarratas.

Maidir le monatóireacht na rialacha sin, is rud é sin nach bhfuil láidir go leor againn ag an am seo, caithfear a rá, agus tá níos mó oibre le déanamh againn ann. Ó 2008 go 2021, ní raibh ach cás amháin d'iarratas le níos mó ná deich dteach ann ina raibh dualgas ar an iarrathóir ráiteas teanga a chur isteach. Sílim go bhfreagraíonn sé sin an cheist. Tá brón orm munar dtuig mé an Teachta i gceart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.