Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

B’fhéidir go mbeidh Valerie Loughnane in ann na figiúirí a sheoladh chugainn maidir leis na ráitis teanga le cúig bliana nó deich mbliana anuas. Is dócha liom go bhfuil siad ar ríomhaire. Maidir leis an saghas monatóireachta atá i gceist, agus b’fhéidir go bhfuil míthuiscint orm ó na ceisteanna a chur an Teachta Ó Cuív, ach ceapaim nach bhfuil aon mhonatóireacht ann. An féidir é sin a shoiléiriú? Cén saghas monatóireachta a bhíonn i gceist ó thaobh cúrsaí teanga de?

Críochnóidh mé anois. Tá a fhios ag an gcomhairle go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na teanga de agus ó thaobh cúrsaí tithíochta de i lár na Gaeltachta uilig. Thaistil baill an choiste seo timpeall na tíre agus tháinig na téamaí ceannann céanna suas arís agus arís. Easpa tithíochta sna Gaeltachtaí agus easpa fostaíochta i gcuid acu, go háirithe i gContae Mhaigh Eo, a bhí iontu. Is í an cheist atá agamsa ná, agus mé ag smaoineamh ar dhuine pearsanta le pointí ginearálta a dhéanamh as, cad atá foghlamtha ag an gcomhairle maidir leis an ngéarchéim seo? Tá titim daonra i gceist i gceantair éagsúla - ní i ngach ceantar - ach mar shampla, i gConamara go háirithe. I gcroílár na Gaeltachta, tá laghdú daonra i gceist agus tá an Ghaeilge i mbaol. Is í an cheist atá agam go sonrach ná cad atá foghlamtha ag an gcomhairle? Cén cineál eolais atá ag an gcomhairle chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo maidir le cúrsaí tithíochta agus patrún lonnaíochta a luaigh an Teachta Ó Cuív? An dtuigeann an finné mo cheist? Is í an chomhairle contae seo an chéad chóras áitiúil le plean ó 2008. Is é seo 2021 anois agus tá géarchéim i gceist. Cad iad na fadhbanna atá tagtha chun cinn arís agus arís maidir leis na ráitis teanga, mar shampla? Cad atá foghlamtha ag an gcomhairle nó cén córas atá ann chun na fadhbanna a anailísiú agus dul i ngleic leo? An bhfuil easpa acmhainní ann, easpa tuisceana nó easpa córais chun anailís a dhéanamh?

Críochnóidh mé trí thagairt a dhéanamh do dhuine gan an t-ainm a lua. Chuir mé féin agus Teachta eile observation isteach chuig An Bord Phleanála. Ní bhaineann sé leis sin ach an rud a chuir isteach orainn go léir maidir leis an duine seo ná - nílim ag caint faoi chúrsaí a phleanáil ach faoi chúrsaí a phleanáil ó thaobh na teanga de - gur duine é a rugadh agus a tógadh i gcroílár Chonamara a bhí ag bogadh ó áit amháin, áit a bhfuil an duine ina chónaí lena thuismitheoirí, chun cur faoi sa Spidéal. Níor tháinig sé faoin gcuspóir faoi leith maidir le adding value nó ag cur luach. Ní thuigim é seo. Níor tháinig an duine seo faoi RH04B. Is duine le Gaeilge é. Is duine le gairm é. Is duine é a bhfuil baint aige le gach club sa cheantar ach fós níor tháinig sé faoin mhír sin faoi dhó, ag an leibhéal áitiúil agus ag An mBord Pleanála. Tuigim nach féidir leis an bhfinné tagairt a dhéanamh do dhuine ar leith ach is é an pointe ná má theipeann ar an duine sin faoin mhír ó thaobh na teanga de, go bhfóire Dia orainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.