Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Níl a fhios agam an bhfuil sé sin curtha i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla eile. B’fhéidir go mbeidh siadsan in ann teacht ar ais againn faoi sin.

Leagann an ráiteas tosaigh síos na haidhmeanna straitéiseacha. Tá ocht gcinn acu ann agus ina measc luaitear “Forálacha a dhéanamh ionas gur féidir lonnaíochtaí agus limistéir thuaithe i nGaeltacht agus Oileáin na Gaillimhe a neartú agus a fhás ar bhonn comhtháite.” Déantar tagairt freisin do chuspóir UHO 12 agus ráitis maidir le tionchar teanga. Cé mhéad ráiteas tionchar teanga atá déanta sa bhliain seo agus le cúig bliana anuas?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.