Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 November 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Rinne mé dearmad buíochas a ghabháil leis na finnéithe ar fad as ucht na ráitis tosaigh i nGaeilge agus i mBéarla. Go raibh maith agaibh.
Is cás faoi leith atá i nGaillimh. Mar atá ráite sa ráiteas tosaigh, tá na ceantair is mó Gaeltachta sa tír ann. Luaitear sé cheantar: Iorras Aithneach, Camas agus Ros Muc; Dúiche Sheoigheach; Ceantar na nOileán agus An Crompán; Cois Fharraige; na hOileáin Árann; agus imeall na cathrach. Cuireann sé iontas orm ach guím comhghairdeas le Comhairle Chontae na Gaillimhe ós rud é gurb í an chéad údarás áitiúil a chur béim ar an nGaeilge. Tá dearmad déanta agam ar an bhfoclaíocht a d’úsáid Valerie Loughnane ach dúirt sí gurb í an chéad chomhairle contae sa tír a chur béim ar an nGaeilge.
No comments