Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tuigim é sin. Níl mé ag iarraidh an finné a chur i sáinn ach tá sé tábhachtach an díospóireacht seo a chur i gcomhthéacs ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh tuisceana de. B’fhéidir go mbeadh sí in ann teacht ar ais chuig an gcoiste leis na figiúirí maidir leis an méid agus an céatadán.

Tá dréachtphlean ann faoi láthair ach beidh an plean atá ann críochnaithe ag deireadh na bliana seo. Cén uair a thiocfaidh an plean eile i bhfeidhm?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.