Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe uilig. Is tús maith leath na hoibre agus is céim chun tosaigh inniu go bhfuil na húdaráis áitiúla os ár gcomhair. Faraor, tháinig Covid agus níor éirigh linn é a dhéanamh ach bhí sé ar intinn ag an gcoiste seo é sin a dhéanamh le fada. D’aithin muid an fhadhb a bhí ar an talamh ó thaobh na húdaráis áitiúla, in ainneoin obair na bhfinnéithe. Ó thaobh na teanga de, tá easpa tuisceana agus easpa beartais chuí ann.

Díreoidh mé ar Ghaillimh mar is as Gaillimh mé agus tá an t-am srianta. Tá cúpla ceist phraiticiúil agam i dtús báire. B’fhéidir go bhfuil na ceisteanna seo freagartha cheana ach bhí mé déanach ag teacht isteach. An bhfuil oifigeach Gaeilge lánaimseartha ag an gcomhairle contae? Cé mhéad ball foirne líofa sa Ghaeilge atá ar an bhfoireann?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.