Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Cé go raibh mé cúpla nóiméad déanach ansin, bhí deis agam na tuairiscí a léamh. Chuala mé an-chuid agus na ceisteanna roimhe chomh maith. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an eolas. Tuigim go bhféachann Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an éifeacht a bheadh ar phobal na Gaolainne nuair a bhíonn iarratas á phlé, ach cad faoi na húdaráis eile? An ndéanann siad é sin a mheas? Conas a chuireann siad aon choinníollacha i bhfeidhm? Conas a dhéanann siad meas air sin?

Nuair a bhíonn iarratais phleanála á meas, an dtugtar buntáiste nó deis bhreise do na Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht? An moltar nó an ndéantar éascú i gcomhair daoine a bheadh ag teacht isteach sa cheantar? Tá cuid den fhreagra tugtha ag muintir na Gaillimhe ach iarraim ar an dá chomhairle eile é a fhreagairt chomh maith.

Má fhágaimid tithe ar leataobh ar feadh nóiméid, má tá infreastruchtúr eile á phleanáil, amhail feirm ghaoithe nó sreang leictreachais ag teacht tríd an gceantar, b'fhéidir nach mbeifí ag súil go mbeadh éifeacht aige sin ar chúrsaí teanga. An ndéantar aon mheasúnú air sin? Bheadh maoiniú amhail community development fund agus a leithéid á gcur ar fáil ó na feirmeacha gaoithe agus na sreanga leictreachais agus mar sin de. An leagtar síos aon choinníollacha teanga? D'fhéadfadh sé sin a bheith ag dul i dtreo fhorbairt teanga.

Tá mé ag smaoineamh chomh maith mar gheall ar fheirmeacha gaoithe amuigh san fharraige. Caithfidh siad sin teacht i dtír agus an chumhacht a thabhairt i dtír in áit éigin. Má tá sí ag teacht isteach sa Ghaeltacht, an ndéantar measúnú air sin? An leagtar coinníollacha ar a leithéid? An mbíonn aon bhuntáiste ann i gcomhair na Gaeltachta má tá a leithéid d'infreastruchtúr á chur in airde uirthi?

Maidir le tithe sóisialta, an bhfuil an córas choice-based letting in úsáid chun na tithe a scaipeadh amach? Má tá, an ndéantar aon mheasúnú ar chúrsaí teanga ansin? An mbíonn aon éifeacht ag teanga nó an bhfuil aon bhuntáiste ann chun Gaolainn a bheith ag duine chun teach sóisialta a fháil sna cheantair Gaeltachta? An ndéantar aon mheasúnú ann?

An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe cé atá ag déanamh na haighneachtaí? An bhfuil aighneachtaí ag teacht chucu óna leithéidí Údarás na Gaeltachta, baill den phobal atá ag déanamh aighneachtaí, eagrais amhail An Taisce nó aon ghrúpa eile?

An bhfuil aon aighneachtaí? An cuma le haon duine? An bhfuil siad ag seoladh isteach aon aighneachtaí ar na hiarratais?

Cé chomh sinsearach is atá an t-oifigeach Gaolainne sa chomhairle? An bhfuil sé nó sí ar dhuine de na directors of service? Cén leibhéal atá ag an oifigeach Gaolainne sna húdaráis?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.