Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 November 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé
Mr. Liam Mac an Bhaird:
Gabhaim buíochas leis an Teachta as na ceisteanna sin. Tá seirbhísí trí mheán na Gaeilge ag baint le cúrsaí pleanála ar fáil do mhuintir Thír Conaill. Tá siad in ann teacht isteach chuig an oifig atá againn sa Chlochán Liath. Tá an pleanálaí atá ag tabhairt seirbhísí sa cheantar sin, an ceantar is mó de Ghaeltacht Chontae Dhún na nGall, ábalta dul i dteagmháil leis na hiarratais trí mheán na Gaeilge agus más mian le hiarrthóir ar bith a chuid iarratais a dhéanamh go huile trí mheán na Gaeilge, tá an deis sin acu agus tá an chomhairle chontae sásta glacadh lena n-iarratais trí Ghaeilge. Táimid sásta na hiarratais a phróiseáil trí mheán na Gaeilge agus an cinneadh a chur amach i nGaeilge chomh maith.
Maidir leis an dara ceist faoi na ceantair Ghaeltachta tríd an tír, níl an struchtúr sin curtha i bhfeidhm ag an am seo. B'fhéidir gur rud maith é an struchtúr sin a chur i bhfeidhm agus an deis a thabhairt do na comhairlí contae ina bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu teacht le chéile agus an t-ábhar seo a phlé ionas go mbeimid ábalta níos mó tacaíocht a thabhairt do na ceantair sin chun an teanga a choinneáil beo agus feabhas a chur uirthi amach anseo.
No comments