Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Mr. Liam Mac an Bhaird:

Is é seo ár ráiteas achoimrithe don choiste. Labhróidh mé ar an gcomhthéacs ar dtús. Is príomhchuid de chuspóir na comhairle daonra Dhún na nGall a mhéadú go dtí 200,000 í Gaeltacht Dhún na nGall. Clúdaíonn sí an tríú cuid den chontae agus cuimsíonn sí limistéar de 1,502 km cearnach. Is í an dara Gaeltacht is mó in Éirinn agus tá daonra de 25,000 inti. Is iad na tréithe atá aici ná pobal beoga, oidhreacht shaibhir, tírdhreach ar leith agus tionchair mhuirí, cé go bhfuil dúshláin shuntasacha bhonneagair agus eacnamaíochta os a comhair fosta.

Leagann an ráiteas seo amach straitéis na comhairle maidir le tithíocht agus pleanáil fhisiciúil sa Ghaeltacht. Soláthraíonn sé comhthéacs le haghaidh patrún forbraíochta i gceantair uirbeacha agus tuaithe na Gaeltachta, léiríonn sé na treochtaí forbartha le béim ar leith ar chúrsaí tithíochta, agus leagann sé amach cuid de na srianta a théann i bhfeidhm ar dheiseanna le haghaidh forbairt inbhuanaithe laistigh den Ghaeltacht. Cuirfidh an ráiteas síos fosta ar an chomhoibriú agus an rannpháirteachas atá ar siúl ar bhonn leanúnach maidir le cúrsaí forbartha sa Ghaeltacht. Ar an dara leathanach dár ráiteas scríofa, tá léarscáil den Ghaeltacht i gContae Dhún na nGall.

Maidir le straitéis an chontae, tá treochtaí i dtreo meatha aitheanta i roinnt staidéar tábhachtacha. Is treochtaí iad atá á dtiomáint ag dinimicí sóisialta, mar shampla, pobail Ghaeltachta á nascadh le gréasáin níos leithne an Bhéarla, ag gluaiseachtaí déimeagrafacha agus ag sóisialú daoine óga trí Bhéarla. D’aithin cuid de na conclúidí go raibh gá le hidirghabháil a dhéanamh ar fud na gceantar Gaeltachta leis an Ghaeilge a chothabháil mar phríomhtheanga an phobail agus an teaghlaigh, chomh maith le chomh tábhachtach agus atá sé an céatadán cainteoirí gníomhacha Gaeilge a choinneáil os cionn 67%.

Faoi Acht na Gaeltachta, 2012, aithníodh ocht gcinn de limistéir phleanála teanga i nDún na nGall mar limistéir a bhfuil pleananna teanga pobalbhunaithe á bhforbairt ag ceanneagraíochtaí. Lena chois sin, aithníonn an tAcht Leitir Ceanainn, an Clochán Liath agus baile Dhún na nGall mar bhailte seirbhíse Gaeltachta a bhfuil ról suntasach acu i bhfreastal ar cheantair Ghaeltachta.

Aithníonn Comhairle Contae Dhún na nGall an riachtanas straitéiseach a bhaineann leis an Ghaeilge a chothú agus a neartú mar theanga an phobail agus creidtear gur féidir leis an chomhairle, trína feidhm phleanála, ról tacaíochta a imirt chun an straitéis fhoriomlán seo a bhaint amach trí chuspóirí agus pholasaithe sainiúla na Gaeilge a chur i bhfeidhm, arna ghlacadh trí phlean forbartha Chontae Dhún na nGall don tréimhse ó 2018 go 2024, arna leasú.

Tá réimse sainchuspóirí sa phlean chun tacú leis an teanga agus í a fhorbairt trí na nithe seo a leanas: comhoibriú le ceanneagraíochtaí agus le hÚdarás na Gaeltachta; deiseanna tithíochta tuaithe agus uirbeacha a éascú do chainteoirí dúchais Gaeilge; tacú le forbairt áiseanna oideachais na luathbhlianta; cumasú fhorbairt Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair chun tacú le bonn fostaíochta na Gaeltachta; forbairt inbhuanaithe bhailte agus shráidbhailte na Gaeltachta a chinntiú; agus obair le gníomhaireachtaí Stáit eile agus leis an phobal chun cosaint na Gaeilge agus tábhacht chultúrtha na Gaeltachta a chinntiú.

Maidir le forbairt iltithíochta, tá beartas sonrach phlean forbartha an chontae mar bhonn agus mar thaca leis an tacaíocht don teanga trí mheasúnuithe tionchair teanga a chur i bhfeidhm d’iarratais ar fhorbairtí iltithíochta nuair atá sé seo i gcomhréir le beartas a dhíríonn ar bheocht na mbailte agus na sráidbhailte Gaeltachta a neartú chun acmhainn forbartha eacnamaíochta an cheantair a fhorbairt, rud atá tábhachtach. Tá sé seo ag teacht go láidir leis na cuspóirí beartais náisiúnta atá leagtha amach in Éire 2040: An Creat Pleanála Náisiúnta agus tá sé léirithe i straitéis réigiúnach spásúil agus eacnamaíoch Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair.

Maidir le tithíocht tuaithe, chun freastal ar riachtanas tithíochta tuaithe na bpobal tuaithe ar fud an chontae, tá an plean forbartha contae láidir ina chur chuige dearfach maidir le fíor-riachtanas tithíochta i bpobail tuaithe a aithint le go bhféadfaidh pobal na tuaithe maireachtáil ina gceantar féin agus cur le saol an phobail. Tá an dearcadh seo, atá chomh hinfheidhme céanna laistigh den Ghaeltacht, le feiceáil sa chuspóir sonrach, “A chinntiú go soláthraíonn forbairt chónaitheach nua i gceantair thuaithe d’fhíor-riachtanas tuaithe.”

Tabharfaidh mé roinnt staitisticí maidir le próifíl na n-iarratas pleanála i nDún na nGall. Ó 2010 go dtí Samhain 2021, bhí 23,202 iarratas san iomlán le haghaidh forbairt tithíochta. Ceadaíodh 95% acu. Bhain 42% de na hiarratais ar fad le tithe aonair. Ó 2010, b'ionann iarratais ar fhorbairtí iltithíochta agus 4.75% de na hiarratais uilig agus ní raibh measúnú tionchair teanga riachtanach ach in aon chás amháin. Is féidir go mbaineann an líon íseal iarratas ó 2008 le tionchar an chúlaithe eacnamaíochta. Tógtar thart ar 400 teach úr gach bliain. Is ionann an figiúr sin agus 45% d’iarratais ar thithe aonair gach bliain ó 2010. Sa Ghaeltacht, bhí tuairim is 367 iarratas tithíochta gach bliain, ar an mheán. Bhain 92.8% de na hiarratais sin le tithe aonair. In 2020, ceadaíodh 93%, nó 277, d'iarratas sa Ghaeltacht.

Maidir le comhoibriú agus cur i bhfeidhm, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag comhoibriú ag leibhéal náisiúnta trí ghrúpa oibre Roinne ar chúrsaí pleanála Gaeltachta, agus fáiltíonn sí roimh an deis a sholáthraíonn an fóram suntasach polasaí seo chun dul i ngleic le hábhair imní chomhroinnte maidir le polasaí agus cur chun feidhme. Cuimsíonn comhoibriú fadbhunaithe na comhairle le hÚdarás na Gaeltachta obair chun an stoc tithíochta folaithe a d’fhéadfadh a bheith ann sa Ghaeltacht a scrúdú, leas a bhaint as deiseanna cianoibre, agus aghaidh a thabhairt ar fhoirgnimh atá gan chónaí nó tréigthe trí iad a athmhúnlú.

Tá seirbhísí pleanála na comhairle ag obair le coistí pobail chun plean forbartha comhtháite a ullmhú do limistéar pleanála teanga Ghaoth Dobhair agus íochtar na Rosann. Tá an tionscnamh pobail seo ina chéim thábhachtach i bplean straitéiseach don cheantar Gaeltachta sin a fhéachann le aghaidh a thabhairt ar chúrsaí fisiciúla, eacnamaíocha, comhshaoil agus teanga ar bhealach comhtháite.

Bíonn tionchar ag réimse fachtóirí atá straitéiseach ó thaobh nádúir ar sholáthar tithíochta ar fud an chontae, lena n-áirítear an Ghaeltacht. Is minic a léirigh siad iad féin mar fhadhbanna córasacha a éilíonn cur chuige cuimsitheach bunaithe ar aimsiú réitigh. Bhí Comhairle Contae Dhún na nGall, trínár struchtúir agus seirbhísí iomadúla, i gcroílár na hinfheistíochta poiblí i dtaca le bonneagar fisiciúil agus sóisialta a sheachadadh. Bhí seachadadh tithíochta sóisialta agus inacmhainne, trí mheicníochtaí éagsúla, lárnach chun freastal ar riachtanais tithíochta na Gaeltachta i gcomhar le creat beartais tithíochta forbartha chun tacú le fíor-riachtanais an phobail áitiúil maidir le tithíocht. Níl na roghanna tithíochta a d’fhéadfaí a sholáthar, arna thacú ag polasaithe pleanála a ndéantar athbhreithniú agus nuashonrú orthu go rialta, ag croílár na saincheisteanna agus na ndúshlán a bhfuil ár bpobail tuaithe ag tabhairt fúthu. Tá an ceathrú ráta folúntais is airde sa tír ag Dún na nGall ag 10.1% agus tá os cionn 23% de na tithe saoire uilig sa tír againne. Cuir é seo leis na sócmhainní ábhartha a léiríonn an 20,000 aonad tithíochta atá folamh agus tréigthe, agus tá soláthar folaithe, nár úsáideadh, againn chun freastal ar riachtanais tithíochta a d’fhéadfadh a bheith ag na glúnta chun freastal ar fhás uaillmhianach daonra an chontae agus chun athchothromú a dhéanamh ar athnuachan agus athdhaonrú na Gaeltachta. Tá na dúshláin, a éilíonn cur chuige comhordaithe agus ilghníomhaireachta a thógann ar an timpeallacht chomhoibritheach atá ann cheana féin sa réigiún, ag brath ar muid aghaidh a thabhairt ar an tearcinfheistiú córasach atá ann thar na glúnta chun an bonneagar fisiciúil i mbailte agus sráidbhailte na Gaeltachta a atógáil agus bonneagar sóisialta a sholáthar chun tacú lenár bpobail tuaithe inbhuanaithe. Léiríonn na dúshláin seo a thuilleadh go bhfuil gá le deiseanna fostaíochta atá bunaithe sa Ghaeltacht chun ioncaim inbhuanaithe theaghlaigh a sholáthar a fhéadfaidh cúrsaíocht tríd an phobal agus cuidiú le stíl mhaireachtála láidir, inbhuanaithe Ghaeltachta a chinntiú cosúil leis na hionchais atá sa chuid eile den tír.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.