Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Daly agus beidh moill ar an Teachta Connolly toisc go bhfuil sí gafa sa Dáil faoi láthair. Cuirim fáilte roimh na baill ar fad agus roimh na finnéithe atá ag teacht isteach. Feicim roinnt acu ar an scáileán faoi láthair. Tá gach duine ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Is iad na daoine atá le bheith anseo ná ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, John McLaughlin, príomhfheidhmeannach; Liam Mac an Bhaird, stiúrthóir forbartha pobail agus seirbhísí pleanála; agus Eunan Quinn, pleanálaí sinsearach; ó Chomhairle Contae na Gaillimhe, Valerie Loughnane, pleanálaí sinsearach; Brendan Dunne, pleanálaí feidhmiúcháin; agus Úna Ní hEidhin, oifigeach forbartha na Gaeilge; agus ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Kevin Kelly, príomhfheidhmeannach; Catherine McConnell, stiúrthóir pleanála; agus Tomás Ó Giollagáin, stiúrthóir tithíochta. Tá a fhios agam go raibh fadhbanna ag roinnt daoine teacht isteach. Nuair a ghlaoim ar na finnéithe chun labhairt, tabharfaidh mé deis do pé duine atá ar fáil. Cuirim fáilte chuig an gcruinniú roimh na finnéithe go léir.

Sula leanfaimid ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Is mian liom a mheabhrú do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe toisc go gcuireann siad isteach ar an gcóras fuaime agus ar an gcóras taifeadta má tá siad ar siúl. Faoi láthair, tá rogha ag comhaltaí freisin freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó freastal go fíorúil ar Microsoft Teams. I gcás cruinnithe phoiblí, caithfidh siad é sin a dhéanamh óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais. Is é sin atá á dhéanamh ag na comhaltaí atá ann go dtí seo. Meabhraím do chomhaltaí go gcaithfidh siad achar fisiciúil a choimeád chun iad féin agus an fhoireann a chosaint má thagann siad isteach sa seomra. Má ghlaoitear vóta, leanfar leis de réir mar is gnáth trí vótáil rolla na gcomhaltaí i seomra an choiste. Níl mé ag súil le haon vóta inniu. Iarraim ar chomhaltaí agus finnéithe gan suí ar shuíocháin ach amháin na suíocháin atá leagtha amach dóibh. Chun críocha Thuarascáil Oifigiúil Thithe an Oireachtais, tá sé iarrtha orm comhaltaí agus finnéithe a ainmniú sula labhróidh siad. Déanfaidh mé é sin. Glaofaidh mé ainm daoine má táim ag iarraidh orthu freagra a thabhairt. Iarraim ar chomhaltaí agus ar fhinnéithe a gclúdaigh aghaidhe a bhaint dóibh sula labhraíonn siad chun cuidiú linn ó thaobh an chóras taifeadta.

Cé go bhfuil na finnéithe ar fad linn go fíorúil, cuirim ar a n-aird go bhfuil finnéithe, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste, chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin na Dála ag an am a thugann siad an fhianaise sin. Ní féidir leis na finnéithe atá os ár gcomhair inniu brath ar an gcosaint sin toisc go bhfuil siad lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Mar sin, molaim dóibh a bheith cúramach. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéanfaidh siad amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirfear faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach.

Cuirfimid tús anois lenár mbreithniú ar ábhar an chruinnithe seo. Is cruinniú de shraith a bheidh againn chun tithíocht agus cúrsaí pleanála fisiciúla sa Ghaeltacht a phlé. Ar dtús báire, glaofaidh mé ar phríomhfhinné Chomhairle Contae Dhún na nGall. Níl a fhios agam an bhfuil John McLaughlin nó duine eile den fhoireann chun an ráiteas tosaigh a thabhairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.