Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 November 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Gnó an Chomhchoiste
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Mar a luaigh mé, beidh cruinniú againn an tseachtain seo chugainn le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le seirbhísí sláinte trí mheán na Gaeilge i gcomhair pobal na Gaeltachta agus pobal labhartha na Gaeilge le linn paindéim an choróinvíris agus ina dhiaidh, teiripe urlabhra agus sain-teiripí eile san áireamh. Beidh ionadaithe ann ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Chun comhaltaí a chur ar an eolas, chuir muid cuireadh chomh maith chuig an Aire Sláinte agus Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte teacht os ár gcomhair an tseachtain ina dhiaidh ach fuair muid freagra ar ais ón Aire ag rá, ar an drochuair, nach mbeidh sé in ann freastal ar an gcruinniú sin. Tá mise den tuairim gur chóir dó ach táimid chun scríobh chuige anois ag lorg dáta dhifriúil. Ó thaobh Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, dúirt seisean an rud céanna, sé sin, ar an drochuair nach mbeadh sé in ann bheith i láthair ag an gcruinniú sin agus beidh ionadaithe ag teacht ón Roinn chun labhairt linn ina áit.
No comments