Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht

Ms Siuán Ní Mhaonaigh:

Tabharfaidh mé freagra ar dhá cheann de na ceisteanna a d'ardaigh an Teachta ansin. Dúirt an Teachta go gcaithfear freastal ar chúrsa nó dul ó leibhéal A1 go dtí A2 go dtí B1. Tá dhá chineál duine a thugann faoi na scrúduithe s'againne.

Is é an chéad ghrúpa ná daoine a fhreastalaíonn ar chúrsa ag leibhéal faoi leith. Tosaíonn cuid acu ar leibhéal A1 agus déanann siad scrúdú A1 agus cúrsa A2 agus déanann siad an scrúdú ansin. Is féidir é sin a dhéanamh ach tá daoine eile a thugann faoi na scrúduithe le dearbhú neamhspleách a fháil as a gcumas ag an bpointe áirithe sin. Ní gá do dhuine aon chúrsa a dhéanamh. Is féidir leo tabhairt faoi cheann de na scrúduithe más mian leo. Ní gá aon chúrsa a dhéanamh ach is féidir cúrsa a dhéanamh má thoilíonn iarrthóirí é sin a dhéanamh.

Bhí ceist shuimiúil ag an Teachta maidir le hathnuachan agus go mbraitheann sé go minic ar an teagmháil a bhíonn ag an duine leis an teanga agus a leithéid de sin. Faoi láthair, ní leagann muid síos tréimhse ama ina bhfuil an teastas bailí ach tá eagraíochtaí áirithe oideachais a deir go bhfuil an teastas a bhronnann muid bailí ar feadh dhá bhliain, má bhíonn daoine ag cur isteach ar chúrsaí nó ar phoist faoi leith. Bheadh muid i gcónaí sásta comhairle a chur ar eagraíochtaí maidir leis na riachtanais teanga atá acu. Tá sé fíorthábhachtach, go háirithe i gcás na Gaeilge, go mbeadh an rogha sin ag daoine. De bharr na solúbthachta a bhaineann le scrúduithe TEG sa mhéid go mbíonn siad ar siúl roinnt uaireanta sa bhliain agus ar fud na tíre agus thar lear, bíonn an rogha sin ag iarrthóirí tabhairt faoin scrúdú cíbe am a oireann dóibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.