Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 October 2021

Joint Oireachtas Committee on Social Protection

National Action Plan on the Development of the Islands: Department of Rural and Community Development

Photo of Róisín GarveyRóisín Garvey (Green Party) | Oireachtas source

Dia dhaoibh. Níl ach ceist amháin agam. Maidir leis an liosta sin, dúirt an Chomh-aireacht go n-aontaíonn sí leis an liosta sin o mhí Iúil 2019. Cad é an tslí is fearr chun déileáil leis seo? Ar shlí amháin tá liosta ann agus tá a lán Airí gafa leis seo. Mar shampla má tá daoine sa choiste seo ag déileáil le hAirí éagsúla ina pháirtí féin, an ceart dúinne cabhrú leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun iad siúd a spreagadh chun déileáil leis an liosta seo, mar shampla, le taisteal, fuinneamh, employment affairs, communications agus rudaí mar sin? Tá dhá rud ansin gafa lenár Aire, an Teachta Eamon Ryan. An mbeadh sé cabhrach déileáil leis ar na pointí sin agus chabhróinn féin agus an Teachta Ó Cathasaigh chun é sin na eagrú? Cad é an tslí is fearr chun brú a chur ar an liosta seo, mar tá sé an-ghinearálta, agus chun cabhrú leis an Roinn mar tá na hoifigigh os ár gcomhair anois? An mbeadh sé sin úsáideach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.