Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 13 October 2021
Joint Oireachtas Committee on Social Protection
National Action Plan on the Development of the Islands: Department of Rural and Community Development
Ms Bairbre Nic Aongusa:
Tá spriocdháta ar intinn againn. Tá súil againn go mbeidh na cruinnithe déthaobhacha leis na Ranna Stáit críochnaithe sna seachtainí atá romhainn agus ansin beidh cruinniú den choiste againn leis na Ranna Stáit ar fad ann agus measaimid go mbeidh tuilleadh plé ag teastáil ansin le muintir na n-oileán. Is é an príomhdhúshláin a bheidh againn ná a bheith ag plé leis na Ranna Stáit eile chun rudaí a fháil chun cur isteach sna action plans. É sin ráite tá súil agam go mbeidh dréacht againn le cur faoi bhráid an Aire agus le tabhairt don Rialtas sa chéad leath den bhliain seo chugainn, 2022.
No comments