Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 October 2021

Joint Oireachtas Committee on Social Protection

National Action Plan on the Development of the Islands: Department of Rural and Community Development

Ms Bairbre Nic Aongusa:

Mar a dúirt mé i mo ráiteas, tá sé an-tábhachtach go dtógfaimid an t-am chun an plean seo a fháil i gceart. B’shin an príomhtheachtaireacht a fuair an tAire, an Teachta Humphreys, ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann agus ó na hoileánaigh nuair a rinne siad freastal ar an gcruinniú cinn bliana a bhí ag an gcomhdháil i mí Iúil. Dúirt muintir na n-oileán linn nach dteastaíonn uathu go mbeidh polasaí a fhéachann go hálainn foilsithe roimh dheireadh na bliana ach gan aon de na cúinsí a bhfuil siadsan buartha fúthu a bheith clúdaithe ann. Is é sin an fáth gur mhaith linn breis ama a thógáil le dul i gcomhairle níos mó le muintir na n-oileán agus breis ama a thógáil le dul i gcomhairle le Ranna Stáit eile chun go mbeidh polasaí againn a bhfuil gach duine sásta leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.