Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 October 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cláir Ghaeilge: RTÉ

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Ós rud é go bhfuilimid tosaithe ar "First Dates Ireland", b’fhéidir go leanaimis leis ar feadh nóiméid nó dhó. Mar a luadh, is normalú ar an nGaolainn atá i gceist agus cén fáth nach mbeadh Gaolainn le cloisteáil ann?

Cad iad na héilimh a chuireann RTÉ ar chomhlachtaí agus é ag coimisiúnú cláir éagsúla don Ghaolainn? Cén t-éileamh atá orthu an Ghaolainn a chur ar fáil ar chláir chomh súil le “First Dates Ireland” nó “Dancing with the Stars” agus samplaí eile mar sin. Tuigim go raibh cúpla duine ann le Gaolainn acu agus go raibh píosa éigin Gaolainn le cloisteáil. Cé a spreag é sin? Arbh iad na cuideachtaí a chuir na cláir le chéile nó an é RTÉ ba chúis leis? An ndéanfaidh na finnéithe é sin a shoiléiriú?

Cén saghas sprice a bheadh in aigne againn a bhaint amach chun an Ghaolainn a normalú toisc go bhfuil sí fíor thábhachtach. Níor chóir go mbeadh sé ait in aon chor nuair a lastar an teilifís nó RTÉ ar an raidió go mbeifí ag súil le Gaolainn a chloisteáil air. Cén fáth nach mbeimis ag súil leis sin?

Tagraím don nuacht. Úsáideann RTÉ na hiriseoirí céanna chun cuid de na scéalta a chur le chéile. Déantar an t-agallamh céanna as Gaolainn agus Béarla. Tuigim go gcraoltar an t-agallamh as Béarla má úsáidtear é ar RTÉ News. Cén fáth nach mbeadh an t-agallamh as Gaolainn? Cad ina thaobh nach mbeimis ag súil go gcloisfimid Gaolainn ar an news agus subtitles in úsáid? Ní gá dúinn iachall a chur ar dhaoine a gcuid gnó a dhéanamh trí Bhéarla agus é sin á dhéanamh ag leagan amach íomhá dhifriúil ar fad os comhair an phobail sa mhéid is go bhfuil na Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht ag caint as Béarla. Tá Gaolainn acu agus tabhair an deis dóibh é sin a chraoladh chomh maith. Cad ina thaobh ná bheadh sé le cloisteáil ann?

Tá spriocanna leagtha síos ag RTÉ agus tá figiúirí éagsúla ann: thart ar 100 uair do RTÉ, seacht n-uaire, nó mar sin, do RTÉ 2, 100 do RTÉjr, agus 550 do RTÉ News. Cén méid iomlán é sin? Cad é 100%? An bhfuilimid ag féachaint ar sciar mór nó beag? Cad é an méid iomlán? An féidir soiléireacht a thabhairt air sin, mar shampla? Conas a bhfuil a fhios ann go bhfuil an Ghaolainn sofheicthe nó go héasca le cloisteáil ar RTÉ? Cad é an sprioc atá leagtha síos chun é sin a shoiléiriú? An dtabharfaidh an finné aghaidh ar an gcúpla pointe sin ar dtús?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.