Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 October 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cláir Ghaeilge: RTÉ

Ms Niamh Ní Churnáin:

Cheapamar go rabhamar ag baint úsáide astu ach glacaim go hiomlán leis an méid atá ráite ag an Teachta agus go mór mór, i dtaobh an agallamh maidir le Peadar Ó Riada, rud a bhí nádúrtha dó a bheith as Gaolainn.

Ó thaobh an dul chun atá á dhéanamh againn ó thaobh cúrsaí Gaolainne agus an méid a craoladh, bhí an t-iniúchadh a bhí déanta ag an gCoimisinéir Teanga bunaithe ar an aischur ó 2017. Ní raibh ach 85 uair a chloig in aghaidh na bliana craolta ar RTÉ 1. Ní raibh ach seacht n-uaire a chloig craolta ar RTÉ 2 agus ní raibh ach 31 uair a chloig craolta ar RTÉjr.

D'fhéach mé ar an sceideal atá againn an tseachtain seo, thar na cainéil ar fad. Oíche Luain, bhí an Nuacht ann agus bhí "Ar an Sliabh" ann agus fuair sé os cionn 200,000 duine ag féachaint air. Ar RTÉ 2, bhí níos mó ná leathuair an chloig d'ábhar do leanaí. Ghlacamar le moladh ó Chonradh na Gaeilge nuair a bhíomar ag cur an phlean seo le chéile. Bíonn daoine a rá gur cheart go mbeadh cúrsaí Gaolainne fite fuaite tríd an sceideal, agus tá sé sin ceart, ach dúradh go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh cur chuige an tumoideachais i gceist i gcás RTÉjr agus cláir do leanaí. Cuirimid 40 nóiméad d'ábhar Gaolainne do leanaí ar siúl ar maidin. Bíonn na sraitheanna beochana fite fuaite tríd an sceideal arís. Tá sé sin ar siúl gach aon lá ar RTÉjr.

Ar an RTÉ News channel, bíonn nuacht ar 5 p.m. agus ar 5.40 p.m., agus bíonn Nuacht TG4 le RTÉ ar 8 p.m. agus bíonn nuacht arís ar 11.30 p.m. Dé Máirt agus Dé Céadaoin, craoltar "7 Lá" agus "Gafa" chomh maith. Oíche Chéadaoin, bhí ábhar de chuid TG4, "Beidh Aonach Amárach" agus "Bailte", craolta ar RTÉ. Bhí ceolchoirm ar son Seán Ó Riada ar siúl oíche Shathairn agus beidh athchraoladh de sin arís oíche Déardaoin. Dé hAoine, beidh clár nua ag tosú ar RTÉ 1. Beidh sé ar siúl ar 7.30 p.m. Tá ábhar sa bhreis ann. Glacaim leis an bpointe gur cheart dúinn a bheith ag úsáid na daoine atá againn agus gur cheart go mbeadh an t-ábhar ar siúl sna cláir atá againn as Béarla. Táimid ag iarraidh é sin a dhéanamh ach tá an-chuid sa bhreis sa sceideal ná mar a bhí in 2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.