Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 October 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cláir Ghaeilge: RTÉ
Ms Niamh Ní Churnáin:
Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as ucht an cuireadh. Mar eagraíocht meán cumarsáide seirbhíse poiblí náisiúnta na hÉireann, cuireann RTÉ ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil ar fud ár gcuid seirbhísí go léir. Freastalaímid orthu siúd go léir a bhfuil a gcroí sa Ghaeilge agus a labhraíonn í, iad sin arb í an Ghaeilge teanga dhúchais a muintire agus a bpobail, iad sin a úsáideann í anois agus arís, agus iad sin atá ag iarraidh tuilleadh Gaolainne a fhoghlaim agus a dtaitníonn cláir Gaeilge leo.
Tá RTÉ iomlán tugtha don chúram atá leagtha air i leith na Gaeilge. Chun an cúram sin a chomhlíonadh go héifeachtach, déanaimid iarracht an teanga a bheith fite fuaite go nádúrtha agus go héasca ar chainéil agus ar sheirbhísí uile RTÉ. Lena chois sin, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an eagraíocht chun ábhar faoi leith Gaeilge a fhorbairt trasna na seirbhísí go léir. Tá curtha go mór againn, mar shampla, leis an ábhar ar líne, ar na meáin shóisialta agus i bpodchraoltaí.
Tá áit na Gaeilge á treisiú agus á neartú ag RTÉ ar fud na seirbhísí go léir. Déanaimid é sin trí oibriú go hinmheánach ar fud gach seánra chun an t-ábhar Gaeilge atá againn ar ár gcuid ardáin a mhéadú agus táimid an t-am ar fad ag tógáil ar na comhpháirtíochtaí seachtracha atá cruthaithe againn le TG4, le hÚdarás Craolacháin na hÉireann, BAI, leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, ILBF, agus le léiritheoirí neamhspleácha chun tuilleadh ábhair Gaeilge a chruthú agus a chur ar fáil ar RTÉ.
Táimid anseo inniu chun a léiriú don choiste go bhfuil RTÉ tugtha do thacú agus d’fhorbairt na Gaeilge agus lenár ndualgais seirbhíse poiblí a bhaint amach. Faoi Alt 114 den Acht Craolacháin, 2009, tá freagracht ar RTÉ "réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil" agus "cláir nuachta agus chúrsaí reatha Gaeilge agus Béarla a sholáthar". Ina theannta sin, faoi alt 120 den Acht, tá sé de dhualgas ar RTÉ bunábhar clár Gaeilge a bheadh "comhionann le huair an chloig" in aghaidh an lae a chur ar fáil do TG4.
Mar is eol don choiste, chuir an Coimisinéir Teanga tús le himscrúdú reachtúil faoi sholáthar Gaeilge RTÉ i mí na Bealtaine 2018. Chuir an coimisinéir a thuarascáil fhoirmeálta faoi bhráid RTÉ i mí na Nollag 2018. Chomhoibrigh RTÉ go hiomlán leis an imscrúdúchán, agus in Aibreán 2019, d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga na torthaí sin ina thuarascáil bhliantúil. B’é toradh an t-imscrúdúchán ná nach raibh a ghealltanas i dtaobh "réimse cuimsitheach clár" a chur ar fáil comhlíonta ag RTÉ ná a ghealltanas clár cúrsaí reatha i nGaeilge a chraoladh ar an teilifís ach oiread. Ina dhiaidh sin, chun na heasnaimh sin a chur ina gceart, chuir RTÉ plean oibre chuimsitheach trí bliana le chéile chun ardú suntasach a chur ar an méid ábhar Gaeilge a chraoltar. Tugadh geallúint 530 uair an chloig ar a laghad d'ábhar Gaeilge a chraoladh ar cheithre chainéal líneacha RTÉ in aghaidh na bliana ó 2020 ar aghaidh. Is ionann sin agus méadú breise 400 uair an chloig d'ábhar. Bhí na huaireanta sin comhdhéanta de gach seánra agus bhí meascán de bhunchláir inmheánacha agus coimisiúnaithe i gceist iontu chomh maith le cláir a ceannaíodh ó TG4.
Faoi dheireadh na bliana sin, Nollaig 2020, bhí breis is 700 uair an chloig de chláir theilifíse Gaeilge craolta ag RTÉ, os cionn 1,000 uair an chloig ar an RTÉ Player agus beagnach 9,000 uair an chloig ar an raidió. In ainneoin na paindéime, agus na dúshláin agus deacrachtaí a chruthaigh sí d'obair léirithe, beidh RTÉ in ann an sprioc 570 uair an chloig mar a gealladh a bhaint amach don bhliain 2021. Sa bhreis ar na huaireanta a gealladh don bhliain 2022, tá RTÉ i mbun deich sraith eile a léiriú tríd infheistíocht san aonad léiriúchán neamhspleách i gcomhar leis an BAI agus an ILBF, agus tá seacht gcinn d’iarratais eile curtha ar aghaidh againn sna babhtaí reatha maoiniúcháin.
Táim á rá seo lena thaispeáint go bhfuil RTÉ iomlán dáiríre faoin ngealltanas atá tugtha aige a chur i gcrích. Anuas ar an ardú seo ar uaireanta craolta, tá RTÉ ar a dhícheall a chinntiú gurb í an teanga bun agus barr gach a ndéanaimid. Sna míonna amach romhainn, beidh níos feiceálaí fós do lucht úsáidte RTÉ.ie. Beidh teacht níos éasca ag cách ar an gcuid den RTÉ Player atá dírithe go hiomlán ar an nGaeilge, agus maidir leis na cainéil meán sóisialta atá againn, atá i measc na gcainéal is mó lucht spéise anois sa tír, déantar ábhar Gaolainne a roinnt go rialta anois orthu. Tá sin amhlaidh mar go gcreidimid, mar a chreideann na baill, go bhfuil an Ghaeilge i dteideal bheith i lár an aonaigh ar na hardáin go léir faoin ár gcúram, na hardáin meáin shóisialta san áireamh. Tá an méid sin tuilte ag an lucht féachana agus éisteachta ar fad, ag na cainteoirí dúchais agus ag foghlaimeoirí, agus acu siúd go léir a chreideann, mar a chreidimidne, gur gné shonrach í an teanga den tír agus dínne, muintir na hÉireann.
Tá sé tábhachtach a lua go bhfuil níos mó iriseoirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge fostaithe ag RTÉ ná ag aon eagraíocht eile nuachta in Éirinn. Déanann RTÉ breis agus 250 uair an chloig de chláir nuachta agus cúrsaí reatha teilifíse a ghiniúint i nGaeilge gach bliain, bunaithe ar an tseirbhís ilardáin "Nuacht RTÉ", a chraoltar ar RTÉ One, ar an gcainéal RTÉ News agus ar TG4, ar líne agus ar ghairis shoghluaiste tríd an aip RTÉ News. Tá foireann "Nuacht RTÉ le TG4", agus foireann "Nuacht TG4" fostaithe ag RTÉ faoi stiúir phríomheagarthóir RTÉ, agus craoltar an tseirbhís as stiúideonna TG4 i mBaile na hAbhann. Ina theannta sin, léiríonn RTÉ "7 Lá" do TG4, a chraoltar go seachtainiúil ar RTÉ.
Tá a fhios againn gur seirbhís í seo a bhfuil luach ag an lucht féachana uirthi. Níos luaithe i mbliana, choimisiúnaigh TG4 taighde ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ó Red C ina bhfuarthas amach gur mheas 82% de na daoine a ceistíodh go raibh seirbhís "thar barr" nó "go maith" á cur ar fáil ag RTÉ. Ábhar misnigh sa bhreis é gur i measc daoine den aois ghrúpa 18 go dtí 34 a bhí an tacaíocht ba láidre. Thug 83% den aoisghrúpa sin moladh ard don tseirbhís.
Is seirbhís ar leith a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil i gcraoltóireacht na Gaeilge. Ainmníodh mar stáisiún na bliana ag Féile na Meán Ceilteach i mbliana é. Fuair sé an ceann is fearr ar stáisiúin eile as Tuaisceart Éireann, as an Albain agus as an mBreatain Bheag, a raibh seirbhísí BBC as gach réigiún agus seirbhísí eile san áireamh ann. Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta tuairim is 1,000 uair an chloig de chláir nuachta agus chúrsaí reatha cuimsitheacha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil ar fáil in aghaidh na bliana. As an taighde a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Red C, mheas 84% de na daoine a ceistíodh go raibh seirbhís nuachta "thar barr" nó "go maith" á cur ar fáil, agus bhain RTÉ Raidió na Gaeltachta an chéad áit amach le 59% nuair a iarradh orthu siúd a ceistíodh an stáisiún raidió is rogha leo don nuacht a ainmniú. Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta feasacháin nuachta i nGaeilge ar fáil chomh maith ar RTÉ Radio 1, ar 2FM agus ar Lyric FM go laethúil.
De bharr gur seirbhís iomlán raidió í RTÉ Raidió na Gaeltachta agus de bharr gur ceann de chroísheirbhísí RTÉ é, bíonn gach saghas seánra chláir, ar nós siamsaíocht, spórt, gnéchláir, na healaíona agus ceol sa sceideal atá fréamhaithe sa Ghaeltacht agus i bpobail ina labhraítear an Ghaolainn. Oibríonn RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcomhar le Raidió Rí-Rá chomh maith chun clár le ceol na gcairteacha a chur ar fáil i nGaeilge don lucht éisteachta atá níos óige. Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 50 bliain i mbun craoltóireachta in Aibreán na bliana seo chugainn.
Cé nach bhfuil an t-ábhar a chuireann RTÉ ar fáil go digiteach mar chuid dár ngealltanas ó thaobh uaireanta an chloig, is fiú a lua gur chuireamar rogha cuimsitheach clár ar fáil ar an RTÉ Player sa bhliain 2020 le hábhar ó RTÉ agus ó TG4. Cuireadh 1,000 uair an chloig d'ábhar ar fáil lena shruthú. Leanann RTÉ den ábhar atá ar rte.ie/gaeilgea fhorbairt agus cur leis. Tá méadú 61% ar an iomlán tagtha ar an méid daoine a bhíonn ag tarraingt ar an mionshuíomh bliain i ndiaidh bliana agus tá an-éileamh go fóill ar phodchraoladh Gaeilge RTÉ "Beo ar Éigean". Craoltar leagan raidió den chlár go seachtainiúil anois ar RTÉ Radio 1.
Tá sé tábhachtach a lua gur idir 7 p.m. agus 8 p.m. Dé Luain agus Dé Máirt na príomh-bhuaicthráthanna Gaeilge ar RTÉ One. Sa bhliain 2020, tháinig ardú trí phointe sciar, arbh ionann agus fás 22.7%, ar lucht féachana an sceidil ag 7.30 p.m. oíche Dé Luain agus tháinig ardú 5 phointe sciar, arbh ionann agus fás 25.4%, ar lucht féachana an sceidil ag 7 p.m. oíche Dé Máirt. Tugann seo le fios go soiléir dúinn go bhfuil lucht féachana ann do chláir Ghaeilge. Fiú muna mbeadh ceangal ar RTÉ faoi na hAchtanna éagsula, tugann an staitistic lom sin mandáid an-láidir dúinn cur le raon na gclár Gaeilge chun an t-éileamh sin do chláracha ar ardchaighdeán a shásamh. Tá RTÉ meáite ar sin a dhéanamh.
No comments