Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 22 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá aithne agam uirthi. Ó thaobh an choiste féin, bhí fadhbanna againn duine a fhostú toisc rialacha difriúla. Níl na Ranna sásta daoine ag leibhéal áirithe a scaoileadh ar bhonn sealadach. Is féidir leo bogadh go buan ach ní poist bhuana a bhíonn i gceist anseo go minic.

Cothaíonn sé sin fadhbanna dúinne ó thaobh an lín chléireach. Cad é an teideal oifigiúil ar an bpost sin? Comhairleoir beartais is ea é, gabhaim bhuíochas, agus bhí duine díobh le bheith againn. D'imigh an comhairleoir beartais deireanach roimh an Nollaig toisc go raibh an Roinn ag tarraingt a gcuid oifigeach ar ais. Maidir leis an mbeirt a bhí le teacht nó a raibh ar an bpainéal, bhí seans ann nach mbeimis in ann iad a fháil toisc nach raibh na Ranna sásta iad a scaoileadh. Tá togha na Gaeilge acu agus, dá bharr, tá na Ranna ag iarraidh iad a choimeád. Tuigeann na Ranna cad atá ag teacht ó thaobh Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) de agus an gá atá ann gach duine a bhfuil Gaeilge acu a choimeád sna Ranna sin. Is fadhb bhunúsach í agus ba cheart dúinn í sin a thuiscint.

Baineann an rud deireanach atá le rá agam leis an mBille seo féin. Rinneadh éacht in Oifig na mBillí toisc an oiread leasuithe a cuireadh ar an mBille i dteanga amháin nó teanga eile agus bhí ar an oifig aistrú a fháil orthu. Bhí fadhb dhifriúil ann roimh an samhradh ach is é an rud a dúradh linn ná nach mbeadh an oifig sin in ann an amchlár a shroicheadh. Is daoine eile a dúirt an méid sin liom, ní Oifig na mBillí é. B’fhéidir gur chóir go mbeadh – b’fhéidir go bhfuil an ceart ag Vivian Uíbh Eachach faoi seo – i gcás ina mbeidh Bille dátheangach á ullmhú, am níos faide tugtha d’Oifig na mBillí chun déileáil leis sin. Fiú amháin dá mbeadh am breise tugtha di roimh an Nollaig, ní bheadh an t-am sin in oiriúint. Tá fadhb phróisis ann, mar a dúirt Vivian Uíbh Eachach, agus caithfimid a dhéanamh cinnte nach dtarlóidh sé sin arís.

Tá fíorbheagán Billí i nGaeilge a thagann os comhair na Dála agus is fíor-annamh a thagann aon rud dátheangach. Is í an fhadhb atá anois ann ná, nuair a chríochnóimid leis seo, cuirfear ar leataobh é agus b’fhéidir nach ndéileálfar leis an bhfadhb sin sa chóras. Caithfimid a dhéanamh cinnte de nach dtiocfaidh an fhadhb seo chun cinn amach anseo má tá aon Aire ag iarraidh reachtaíocht a fhoilsiú go dátheangach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.