Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 22 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Beidh mise ag tochailt. Tá cúpla ceist agam féin. Tá sé go maith go bhfuiltear ag smaoineamh ar a leithéid de thuras chuig an nGaeltacht don fhoireann agus gur féidir le daoine nach bhfuil Gaeilge líofa acu a thuiscint gur féidir leo labhairt. Níl mé ag piocadh ar an Teachta McHugh ach, nuair a bhí sé mar Aire Stáit, bá eiseamláir é do a lán daoine a shíl go raibh an Ghaeilge caillte acu. Bhí sé mar an gcéanna leis an Teachta Calleary. Cé go bhfuil an Ghaeilge agam agus go raibh sí á labhairt agam mo shaol ar fad, tá sé go maith do a lán daoine a shíleann go bhfuil an Ghaeilge caillte acu daoine cosúil leis na Teachtaí a fheiceáil, a bhfuilim ag piocadh orthu toisc go bhfuil siad ann, agus iad sásta tús a chur arís le foghlaim na Gaeilge agus í a úsáid ar gach ócáid. Ba chóir dúinn moladh do dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge acu féachaint ar an gcur chuige a bhí ag na Teachtaí in ainneoin an tsaoil an-ghnóthaigh atá acu. Is é sin an príomhrud. Bhí an Teachta McHugh ina Aire Stáit agus bhí sé in ann teacht ar an nGaeilge a d'fhoghlaim sé ar scoil athuair agus ar an nGaeilge a raibh timpeall air. Bhí sé mar an gcéanna leis an Teachta Calleary. Tá sé go hiontach nuair a dhéanann daoine é sin. Ba chóir dúinn tréaslú leo. Uaireanta, ní thaitníonn daoine a bheith ina eiseamláirí ach is é sin atá ann.

Tacaím le roinnt de na tuairimí a léiríodh, go háirithe tuairim Vivian Uíbh Eachach ó thaobh deiseanna do dhaltaí san idirbhliain, idir iad atá sna Gaelcholáistí agus iad nach bhfuil. Bíonn daltaí de shíor ag lorg deiseanna chun seachtain a chaitheamh anseo nó ansiúd. Go minic, ní bhíonn an áit seo ró-oscailte do dhaltaí atá ag iarraidh teacht isteach anseo. Bíonn sé ceart go leor do scoláirí ollscoile ach, toisc an aois atá i gceist, níl sé ceart go leor do dhaltaí. Tá na fadhbanna ar eolas agam. Bíonn roinnt daoine atá sean go leor ag teacht isteach. Ba mhaith liom go mbeadh a fhios acu siúd atá sna coláistí Gaeilge ach go háirithe go bhfuil spás ann má tá aois ar leith sroichte acu.

Luaigh Vivian Uíbh Eachach nó duine éigin eile ócáidí chun an Ghaeilge a úsáid. Rinneamar cúpla iarracht ócáidí mar sin a eagrú roimh Covid. Bíonn ball de Chonradh na Gaeilge istigh sa coffee dock uair sa mhí. Ba chóir dúinn níos mó ócáidí mar sin a eagrú. B'fhéidir gur féidir bricfeasta a eagrú gach ráithe. Ba chóir go gcuirfimis leis an liosta. Ansin, tarlóidh rudaí go huathoibríoch. Tá, agus beidh, daoine ann atá ag foghlaim nó nach bhfuil Gaeilge líofa acu agus taitníonn leo í a chloisteáil in atmaisféar nach atmaisféar parlaiminte ná atmaisféar oibre é. Bhí ciorcal comhrá ag m'athair ar feadh 40 bliain i gClub Chonradh na Gaeilge. B'ócáid a bhí ann. Bhí daoine ag dul chun cupán tae nó pionta a bheith acu i gClub Chonradh na Gaeilge. Ní obair ná rang a bhí ann. Taitníonn sé sin le daoine uaireanta.

Ó thaobh fáinne an Oireachtais faoina raibh Vivian Uíbh Eachach ag labhairt, tá sé simplí go leor. Tá an fáinne ann agus tá sé aitheanta. D'fhéadfaí cruit an Oireachtais a chur i lár baill. Láithreach bonn, beidh aitheantas ann gur rud é seo atá á dhéanamh ag an Oireachtas agus go bhfuil stádas áirithe aige laistigh den Oireachtas. Measaim gurbh é an fáinne atá ann cheana féin ceann den dá rud a bhí inghlactha mar shuaitheantas istigh anseo. Bhí cead ag daoine an fáinne agus an pioneer pin a chaitheamh. Tá sé sin ar fad imithe mar riail anois ach tá aitheantas ann dóibh.

Tá ceist agam faoi na riaráistí. Ón méid atá ráite, tuigim go bhfuil trí cinn le críochnú gach uile sheachtain idir seo agus lár 2024. Tá jab mór ann. Aithnímid é sin, agus measaim go n-aithníonn an pobal i gcoitinne é, ach níl foighne againn a thuilleadh. Tuigim an fhadhb earcaíochta atá ann. An bhfuil sanction ann an fhoireann a mhéadú go 39? Tá 24 ball foirne ann faoi láthair. Bhí David Cagney ag labhairt linn inné agus síleann sé go mbeidh an fhadhb réitithe anois toisc go bhfuil líon dóthanach aistritheoirí ag an Aontas Eorpach anois. Dá réir, má tá daoine ag dul le bheith ina n-aistritheoirí, beidh na folúntais ar fáil san Oireachtas. Is é sin an freagra a tugadh dúinn inné. Níor shíl David Cagney go mbeidh fadhb ann amach anseo toisc go raibh an tAontas Eorpach gar do bheith lán agus go mbeidh folúntais ann anseo.

Cad eile a bhí ar mo agenda? Ó thaobh fadhbanna eile, tá athruithe ag tarlú maidir leis an bhfógraíocht ach tá roinnt fógraíocht seanbhunaithe i dTithe an Oireachtais ar a bhfuil an Béarla ar barr agus an Ghaeilge in italics, go háirithe i Leinster House 2000. Táim ag caint faoi na fógraí do na hardaitheoirí agus na fógraí lasmuigh de na seomraí. Chomh maith leis sin, téann fógraí sealadacha nua suas uaireanta. Toisc Covid, cuireadh a lán comharthaí suas. Nílim ag piocadh ar aon oifig. D'fhéadfainn iad a liostáil ach ní bheadh sé sin cothrom orthu mar tá siad ag déanamh a ndícheall. Caithfidh siad a thuiscint gur gá le comharthaíocht a bheith dátheangach agus go bhfuil seirbhís aistriúcháin ann. I gcomparáid le comhlachtaí eile, ní gá dár n-oifigigh dul rófhada chun aistriúchán a fháil ar 20 nó 100 focal. Ba chóir dár gcóras tuiscint go gcaithfear é sin a dhéanamh agus, más féidir, díriú isteach ar roinnt de na fógraí atá fós ann. Táimid ag cur ina luí ar na húdaráis áitiúla go gcaithfidh siad athrú a dhéanamh ar na comharthaí bóithre chun nach mbeadh an Ghaeilge i gcló nó font difriúil nó in italics ach tá sé sin ag tarlú anseo. Is féidir liom samplaí a roinnt leis na finnéithe nuair atá an cruinniú den choiste críochnaithe. B'fhiú é sin a dhéanamh.

Luadh ceist na craoltóireachta. Tuigim an rud ó thaobh na dteideal ach tá fadhb eile ann. B'fhéidir go mbeifear ag déileáil leis nuair a thosóimid leis an ateangaireacht. Nuair a bhíonn tú ag féachaint ar dhíospóireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh ar an teilifís, is féidir casadh go dtí pé teanga is mian leat. Bíonn tú in ann ateangaireacht a fháil go dtí pé teanga atá uait má tá duine ag labhairt as Fraincis, mar shampla. Anseo, má tá tú ag éisteacht le duine atá ag labhairt as Gaeilge, níl fotheidil Béarla ar fáil agus ní féidir rochtain a fháil ar an ateangaireacht in ainneoin go bhfuil duine ann á déanamh beo. B'fhéidir gur rud é nár smaoinigh aon duine air ach, má táimid ag dul i dtreo na hateangaireachta, tá deis ann bogadh sa treo sin. Measaim go dtarlaíonn sé i gcoistí eile.

Maidir leis an gcoiste féin, tá leigheas na faidhbe ann. Táim ag caint faoi fhoireann an choiste agus foireann Teach Laighean i gcoitinne. Níl a fhios agam an bhfuil duine le Gaeilge ag obair sa phreasoifig a thuilleadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.